Seiceáil amach shoiléir shimplí

Seolann Airbnb do threoracha don tseiceáil amach go huathoibríoch chuig aíonna.
Le Airbnb ar an 8 Samh 2023
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 8 Samh 2023

Níor chóir mórán iarrachta a bheith ag teastáil ó na haíonna ná na hÓstaigh ag an tseiceáil amach. Cuir do threoracha i do liostú agus seolfaidh Airbnb iad go huathoibríoch chuig aíonna an oíche roimh an tseiceáil amach.

Treoracha soiléire don tseiceáil amach

Cuirtear treoracha don tseiceáil amach ar fáil mar an gcéanna agus a gcuirtear rialacha caighdeánacha tí isteach. Cruthaigh liosta don tseiceáil amach go tapa trí roghnú as na tascanna coitianta seo:

  • Cruinnigh le chéile na tuáillí a úsáideadh
  • Caith an bruscar amach
  • Múch rudaí
  • Cuir glas ar an doras
  • Tabhair na heochracha ar ais

Tá an rogha agat sonraí a chur isteach maidir le gach tasc. Mar shampla, d'fhéadfá a shonrú go gcuire aíonna bruscar i mbosca bruscair amháin agus rudaí le hathchúrsáil i mbosca bruscair eile. Is féidir leat iarratais a scríobh a bhaineann go sonrach le do theach, mar shampla an gríoscán a chlúdach tar éis é a úsáid.

Roghnaigh as liosta de thascanna caighdeánacha don tseiceáil amach chun do threoracha don tseiceáil amach a chruthú.

Is féidir le haíonna na treoracha don tseiceáil amach agus na rialacha tí a fháil sula gcuirfidh siad áit in áirithe. Tar éis dóibh áirithint a dhéanamh, is féidir leo na treoracha don tseiceáil amach a fháil sa chluaisín Turais, in éineacht leis na rialacha tí, eolas Wi-Fi agus sonraí tábhachtacha eile.

Bíonn aíonna ag súil le seiceáil amach éasca gan aon tascanna glantacháin, ach níor cheart dóibh d'áit a fhágáil i riocht a dteastaíonn glanadh iomarcach nó glanadh domhain uaithi, de réir na bpríomhrialacha d'aíonna.

“Is mian linn ár bpróiseas don tseiceáil amach a choinneáil chomh simplí agus is féidir,” arsa Keshav, ball de Bhord Comhairleach na nÓstach i nDeilí Nua. “Tagann an glantóir isteach agus déanann sé gach rud is gá a dhéanamh."

Meabhrúcháin uathoibríocha faoin tseiceáil amach

Seolfaimid meabhrúchán uathoibríoch chuig aíonna ina mbeidh an t-am don tseiceáil amach agus do threoracha. Seoltar é seo mar bhrúfhógra chuig gléas móibíleach d'aoi an lá roimh an tseiceáil amach ag 5:00 PM sa chrios ama ina bhfuil sé nó sí ag fanacht.

Ní mór d'aíonna aip Airbnb a íoslódáil agus brúfhógraí a chumasú chun an meabhrúchán seo a fháil. Nuair a sheiceálfaidh siad amach, is féidir le haíonna a chur in iúl duit go bhfuil siad tar éis imeacht le tapáil nó cliceáil amháin.

B'fhéidir nár mhiste duit béim a leagan ar an bhfáth a bhfuil seiceáil amach tráthúil riachtanach. “Deirim le haíonna go dtiocfaidh an glantóir ag 11:00 AM chun an t-árasán a réiteach do na chéad aíonna eile, ionas go dtuigfidh siad an fáth a bhfuil sé tábhachtach an áit a fhágáil in am,” arsa Joh, Sáróstach in San Francisco.

Faigheann aíonna meabhrúchán uathoibríoch don tseiceáil amach ina bhfuil an t-am don tseiceáil amach agus treoracha.

Cártaí don tseiceáil amach

Is bealach áisiúil é cárta don tseiceáil amach chun eolas faoin tseiceáil amach a sheoladh chuig d'aíonna. Nuair a chuirfidh tú na treoracha don tseiceáil amach isteach, is féidir leat cárta don tseiceáil amach a chur le freagra tapa nó le teachtaireacht sceidealaithe. Tá nasc chuig do threoracha sa chárta.

Cé go seolfaidh Airbnb meabhrúchán go huathoibríoch chuig aíonna an oíche roimh an tseiceáil amach, is agatsa atá an smacht i gcónaí ar d'eispéireas le haíonna. B'fhéidir nár mhiste duit teachtaireacht sceidealaithe a chur ar bun chun meabhrúchán don tseiceáil amach a sheoladh go díreach chuig bosca isteach Airbnb d'aíonna, ar eagla nach mbeadh an aip ioslódáilte acu nó nach mbeadh brúfhógraí casta air.

Aiseolas faoin tseiceáil amach

Tar éis d'aíonna imeacht, is féidir leo rátáil réalta a thabhairt faoi chumarsáid an Óstaigh agus an méid a bhí go maith agus an méid a d'fhéadfadh a bheith níos fearr a shonrú. Rogha amháin is ea “tascanna iomarcacha don tseiceáil amach” a thuairisciú. D'fhéadfaí liostuithe a bhaint de Airbnb má bhíonn rátálacha ísle arís agus arís eile acu de bharr tascanna míréasúnta.

Roghnaíonn aíonna rátáil fhoriomlán réalta faoina bhfanacht freisin. Ní bhíonn tionchar ag aiseolas ná ag rátálacha réalta faoi chatagóirí sonracha, amhail cumarsáid, ar stádas Sáróstaigh.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
8 Samh 2023
Ar chabhraigh sé seo leat?