Léim chuig ábhar
Ag cur Airbnb Plus i láthair

Na sónna ar fad atá agat sa bhaile, agus níos mó

Tithe deartha go stuama. Óstaigh eisceachtúla. Deimhnithe le haghaidh ardchaighdeáin.

Is rogha é Airbnb Plus de na tithe den chéad scoth le hóstaigh a bhfuil cáil orthu de bharr a léirmheasanna iontacha agus a gcríochnúlachta.

Deimhnítear gach teach trí chigireacht cháilíochta déanta ag duine daonna chun ardchaighdeán agus dearadh a chinntiú. Cuardaigh an suaitheantas PLUS.

Dearadh stuama

Is teach uathúil é gach teach Airbnb Plus, iad deartha go cúramach, agus feistithe le saoráidí caighdeánacha—bíodh tú i seomra príobháideach nó bíodh an áit ar fad agat duit féin.
Teach iomlán Allyson in San Francisco

Cigireacht cháilíochta déanta ag duine daonna

Tá gach teach Airbnb Plus deimhnithe maidir le hardchaighdeán agus dearadh le cinntiú go bhfuil na bunriachtanais go léir acu le tú a chur ar do chompord—is cuma cá bhfuil tú ar domhan.
Árasán go léir Lilian Jin in Shanghai

Deartha go cúramach

Is i dtithe Airbnb Plus a dtagann ardcháilíocht agus dearadh cúramach le chéile—go fiú an mionsonra deireanach. Lena ndearadh galánta agus lena gcarachtar pearsanta, tá na tithe idir fháilteach agus álainn.
Árasán go léir Lilian Jin in Shanghai
Teach aíochta iomlán Matt in Los Angeles

Feistithe go maith

Is féidir leat a bheith ag súil le sraith de shaoráidí a theastaíonn uait le maireachtáil amhail is dá mbeifeá sa bhaile–idir Wi-Fi tapa agus theilifíseáin atá réidh le sruthú agus cistiní iomlána leis na bunriachtanais chócaireachta go léir. Roinnt rudaí eile a gheobhaidh tú:

  • Uisce scagtha nó uisce i mbuidéil
  • Bunriachtanais chócaireachta lena n-áirítear ola, uirlisí agus earraí riartha
  • Iarann agus triomadóir gruaige
Teach aíochta iomlán Matt in Los Angeles
Teach Rob go léir in Cape Town

Coinnithe go maith

Déanann óstaigh de chuid Airbnb Plus iarracht bhreise lena chinntiú go bhfuil an teach iontach glan, saor ó thranglam agus ag feidhmiú go hiomlán –ó spásanna amuigh faoin aer go dtí seomraí folctha slachtmhara a bhfuil brú uisce láidir iontu. Roinnt rudaí eile a gheobhaidh tú:

  • Tá gach fearas ag oibriú
  • Tá ghlais fheidhmiúla ar dhoras gach seomra leapa i spásanna comhroinnte
  • Tá na spásanna ar fad néata agus slachtmhar
Teach Rob go léir in Cape Town

Óstaigh eisceachtúla

Tá ard-rátáil (4.8+) ag óstaigh Airbnb Plus, agus tá siad garach agus tugann siad aire do na sonraí a chuireann thú ar do chompord—amhail línéadach bhog tí agus cistiní lánfheistithe.

Seiceáil isteach iontaofa

Le Airbnb Plus, is féidir leat seiceáil isteach i gcónaí gan dua. Tá bosca glais, eochaircheap, nó óstach a bhíonn ar dhualgas chun fáilte a chur romhat i ngach teach.

Tacaíocht den scoth

Nuair a chuireann tú teach Airbnb Plus in áirithe, tugtar aird fhócasaithe ár bhfoirne tacaíochta do chustaiméirí Airbnb Plus duit–foireann ard-oilte atá tiomanta do sheirbhís iontach agus do fhreagairtí níos tapúla.

Faigh an teach Airbnb Plus foirfe do do chéad turas eile

Ní gá ach an suaitheantas PLUS a lorg faoi ghrianghraf an liostaithe.
PLUS deimhnithe Cape Town
PLUS deimhnithe Barcelona
PLUS deimhnithe Sydney
PLUS deimhnithe Los Angeles
PLUS deimhnithe Phoenix

Tithe Airbnb Plus ar fud an domhain

Idir bhungalónna cois trá in Los Angeles agus thithe tae draíochtúla in Kyoto, brabhsáil tithe Airbnb Plus atá deimhnithe i gcomhair cáilíochta agus compoird.