Má bhíonn fadhb nó saincheist agat le linn d'fhanachta
Cuimhnigh go mbeidh 72 uair an chloig agat chun aon fhadhb a thuairisciú do d'Óstach nó do Airbnb ón am a dtiocfaidh tú uirthi.
Doiciméadaigh an fhadhb agus cuir teachtaireacht chuig d'Óstach
Seo an bealach le déanamh réidh:
- Doiciméadaigh an fhadhb: Glac grianghraif nó físeán, más féidir, chun an fhadhb, mar shampla saoráid atá in easnamh nó briste, a thaifeadadh.
- Cuir teachtaireacht chuig d'Óstach: Is é d'Óstach an pointe teagmhála is fearr atá agat má thagann aon rud aníos le linn d'fhanachta. Gach seans go mbeidh sé nó sí in ann cabhrú leat an fhadhb a réiteach. Is féidir leat teachtaireacht a chur chuig d'Óstach go díreach lena chur in iúl dó nó di cad atá ar siúl.
- Iarr aisíocaíocht: Más gá duit aisíocaíocht a iarraidh mar gheall ar an bhfadhb, is mó seans go nglacfaidh d'Óstach le d'iarratas más féidir libh aontú faoin tsuim ar dtús. Seol iarratas chuig d'Óstach ar an aisíocaíocht san Ionad Réitigh agus tabhair sonraí na faidhbe mar aon leis na grianghraif nó an físeán.
Faigh cabhair ó Airbnb
Cé go dteastaíonn sé uainn i gcónaí go n-oibreodh Óstaigh agus aíonna rudaí amach go díreach más féidir leo, tá a fhios againn nach féidir é sin a dhéanamh i gcónaí. Mura bhfuil d'Óstach in ann an fhadhb a réiteach, mura bhfreagraíonn sé nó sí ar chor ar bith, nó má dhiúltaíonn sé nó sí d'iarratas ar aisíocaíocht, cuir é sin in iúl dúinn, cliceáil nó tapáil Faigh Cabhair ó leathanach na háirithinte. Beidh duine dár bhfoireann i dteagmháil leat chun cabhrú leat an cheist a réiteach.
Má fhaighimid amach gur fadhb í a dtacaítear léi faoi AirCover d'aíonna, cabhróimid leat áit den chineál céanna a aimsiú, ag brath ar infhaighteacht ar phraghas inchomparáide. Mura bhfuil áit den chineál céanna ar fáil nó más fearr leat gan atháirithint a dhéanamh, tabharfaimid aisíocaíocht iomlán nó pháirteach duit.
I gcás éigeandála, nó má tá do shábháilteacht phearsanta faoi bhagairt, déan teagmháil láithreach leis na póilíní áitiúla nó leis na seirbhísí éigeandála. Mura bhfuil a fhios agat uimhreacha fóin na seirbhísí éigeandála áitiúla, is féidir leat iad a fháil san Ionad Sábháilteachta in aip Airbnb. Maidir le hábhair imní a bhaineann le comhroinnt tithe i do phobal, déan teagmháil lenár bhfoireann Tacaíochta Comharsanachta. I gcás aon cheisteanna sábháilteachta eile, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn i gcónaí trínár Líne Shábháilteachta thiomnaithe 24 uair sa lá. Déan teagmháil linn ar an bhfón, ar an ríomhphost nó tríd an gcomhrá.
Míreanna gaolmhara
- Aoi
AirCover d'aíonna
Tá AirCover d'aíonna ag gabháil le gach áirithint. Má tá fadhb thromchúiseach ann le do lóistín Airbnb nach féidir le d'Óstach a réiteach, c… - Aoi
D'áirithint a chur ar ceal le linn d'fhanachta
Is féidir lenár bPolasaí um Atháirithint agus um Aisíoc cabhrú le cásanna a chlúdach i gcás nach bhfuil an liostú nó na saoráidí mar a bhí s… - Aoi
Polasaí um Atháirithint agus um Aisíoc
Déan athbhreithniú ar ár bPolasaí um Atháirithint agus um Aisíoc, le do thoil.