Is féidir cártaí bronntanais Airbnb a úsáid chun turas nó eispéireas uathúil a bhronnadh. Is féidir iad a cheannach ar líne nó i siopaí.
Bíonn cártaí bronntanais Airbnb le fáil i siopaí agus ar líne, nó go díreach uainne! Ag brath ar an áit a cheannaíonn tú do chárta bronntanais, is féidir leat cárta fisiciúil a fháil nó cárta digiteach a sheoladh chugat féin nó chuig an bhfaighteoir.
Is cártaí digiteacha iad na cártaí bronntanais atá le ceannach ar Airbnb.com. Tá siad le fáil lena gceannach sna tíortha seo a leanas: an Astráil, an Bheilg, Ceanada, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, an Eilvéis, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Iorua, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Meicsiceo, an Nua-Shéalainn, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Ríocht Aontaithe, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, na Stáit Aontaithe agus an tSualainn.
An Bhrasaíl: Níl cártaí bronntanais ar fáil lena gceannach ar Airbnb.com, ach is féidir iad a cheannach trí mhiondíoltóirí ríomhthráchtála tríú páirtí agus i siopaí.
Is féidir leat cárta bronntanais fisiciúil a cheannach ag siopaí rannpháirteacha. Tá cártaí bronntanais fisiciúla ar fáil lena gceannach sna tíortha seo a leanas: an Astráil, an Bheilg, Ceanada, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Nua-Shéalainn, an Ostair, an Ríocht Aontaithe, an Spáinn, na Stáit Aontaithe agus an tSualainn.
Eolas tábhachtach: Ní féidir cártaí bronntanais a cheannach ach do dhuine laistigh den tír nó den réigiún céanna leatsa faoi láthair, agus ní mór modh íocaíochta bailí a bheith ag an bhfaighteoir laistigh den tír sin.
Má tá tú i dtír laistigh de réigiún an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE)—an Bheilg, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Iorua, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn agus an tSualainn—is féidir leat cárta bronntanais a cheannach do dhuine éigin eile i gceann de na tíortha LEE sin a fhad is go bhfuil modh íocaíochta bailí ag an bhfaighteoir laistigh den tír sin.
Ní féidir cártaí bronntanais a ceannaíodh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus san Eilvéis a úsáid ach chun lóistíní a chur in áirithe; níl Eispéiris ar fáil leo.
Ní rachaidh cártaí bronntanais in éag choíche agus nuair a chuirfear an cárta bronntanais le do chuntas, is féidir é a úsáid le haghaidh aon fhanachta nó Eispéiris ar fud an domhain. Is féidir leat d'iarmhéid a sheiceáil ag am ar bith freisin.
An bhfuil cuid mhór uait? Is féidir le ceannaitheoirí corparáideacha sna Stáit Aontaithe cártaí bronntanais a ordú ar an mórchóir. Ní mór luach $1,000 ar a laghad a cheannach le horduithe ar an mórchóir.
Creidmheas in-aisíoctha: Sa chás go gcuirtear d'áirithint ar ceal, is féidir leat a bheith ag súil le haisíocaíocht le hiarmhéid do chárta bronntanais ar do chuntas má úsáideadh é lena ceannach. D'fhéadfadh sé go mbeadh polasaithe cealaithe i bhfeidhm.
Cártaí bronntanais iomadúla a úsáid: Is féidir leat cártaí iomadúla a fhuascailt ar chuntas Airbnb amháin.
Cártaí bronntanais a úsáid níos mó ná uair amháin: Is féidir an creidmheas atá ar fáil a úsáid níos mó ná uir amháin go dtí go bhfuil luach iomlán do chárta bronntanais ídithe.
Úsaid sholúbtha: Is féidir an creidmheas atá ar fáil a úsáid chun tithe nó eispéiris a chur in áirithe. (Níl eispéiris ar fáil le cártaí bronntanais sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch)
Má tá deacracht agat le ceannach do chárta bronntanais dhigitigh ar Airbnb, cuir in iúl dúinn é:
Réigiún | Sonraí teagmhála |
---|---|
An Astráil | |
Ceanada | airbnbca@launchgiftcards.com |
An Eoraip | |
An Nua-Shéalainn | |
An Ríocht Aontaithe | |
Na Stáit Aontaithe |
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a n-oibríonn cártaí bronntanais sna tíortha agus sna réigiúin ina bhfuil siad le ceannach agus le fuascailt faoi láthair, tabhair cuairt ar Théarmaí agus Coinníollacha Cárta Bronntanais Airbnb.