Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Cabhair • Óstach

Cathain a gheobhaidh tú d’eisíocaíocht?

Seo an dea-scéala: Tá do chuid airgid ag teacht! Braitheann an uair a gheobhaidh tú d'eisíocaíocht ar fhad fhanacht d'aoi, ar am próiseála do mhodha eisíocaíochta agus cé acu an óstach nua thú nó nach ea.

Tabhair faoi deara: De ghnáth, scaoiltear eisíocaíochtaí na gcomhóstach ag an am céanna le heisíocaíochtaí d'óstaigh, agus baineann an t-eolas sa mhír seo leosan freisin.

Cathain a scaoileann Airbnb eisíocaíochtaí as tréimhsí fanachta níos giorra?

I gcás fhormhór na dtréimhsí fanachta 27 n‑oíche nó níos lú, cuirfimid tús le d'eisíocaíocht faoi dheireadh an lae gnó tar éis an dáta sceidealaithe do sheiceáil isteach an aoi. Braitheann an t-am a bheidh tú ag fanacht leis an airgead ar am próiseála do mhodha eisíocaíochta.

Cathain a scaoileann Airbnb eisíocaíochtaí as tréimhsí fanachta míosúla?

Más fanacht míosúil 28 n‑oíche nó níos faide í an áirithint, seolfaimid eisíocaíocht na chéad mhíosa faoi dheireadh an lae gnó i ndiaidh an dáta sceidealaithe do sheiceáil isteach an aoi, agus seolfaimid aon eisíocaíocht eile go míosúil ina dhiaidh sin. Tuilleadh eolais faoin dóigh a n-oibríonn eisíocaíochtaí as tréimhsí fanachta míosúla.

Cá fhad a thógann sé eisíocaíochtaí a phróiseáil?

Tar éis do Airbnb d'eisíocaíocht a scaoileadh, bíonn am próiseála ann sula dtiocfaidh an t-airgead chuig do sholáthraí íocaíochta.

  • Mear-íocaíocht: 30 nóiméad nó níos lú ó scaoileann Airbnb an eisíocaíocht (ar fáil i Stáit Aontaithe Mheiriceá amháin)
  • Mastercard Dochair Réamhíoctha Payoneer: Faoi cheann 24 uair an chloig
  • PayPal: Faoi cheann lá gnó
  • Western Union: Lá gnó amháin, ag brath ar an tír nó ar an réigiún
  • ACH (íocaíocht dhíreach): 3 lá gnó (ar fáil i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i bPórtó Ríce amháin)
  • Aistriú leictreonach idirnáisiúnta: Idir 3 agus 7 lá gnó
  • Cuntas bainc: Idir 3 agus 5 lá gnó

    D'fhéadfadh moill a bheith ar eisíocaíochtaí d'óstaigh nua

    Más óstach nua thú, d'fhéadfaimis do chuid eisíocaíochtaí a choinneáil ar feadh 30 lá tar éis do chéad áirithint a dheimhniú. Má tá do chéad áirithint níos mó ná 30 lá ón lá inniu, scaoilfear d'eisíocaíocht 24 uair an chloig tar éis am sceidealaithe d'aoi don tseiceáil isteach. Bainfidh sé sin le haon eisíocaíocht atá le scaoileadh le linn an 30 lá sin.

    Cinntigh go bhfuil do mhodh eisocaíochta agus do shocruithe ceart

    Bí cinnte agus cuir modh eisíocaíochta amháin ar a laghad ar bun ionas gur féidir leat íocaíochtaí a fháil. Más mian leat go scaoilfear d'eisíocaíochtaí go huathoibríoch, bí cinnte agus socraigh modh eisíocaíochta réamhshocraithe.

    Is féidir leat stádas d'eisíocaíochta a sheiceáil am ar bith i do dheais tuillimh.

    Má tá liostuithe iomadúla agat lena mbaineann seiceáil isteach ar an lá céanna, seolfar do chuid airgid mar eisíocaíocht amháin de ghnáth. Má tá íosmhéid eisíocaíochta socraithe agat, ní sheolfar d'eisíocaíocht go dtí go mbainfear an méid sin amach.

    Moilleanna ar eisíocaíochtaí ag an deireadh seachtaine nó ar laethanta saoire

    Ní phróiseálann córais bhaincéireachta idirbhearta ag an deireadh seachtaine nó ar laethanta saoire, mar sin próiseálfar do chuid airgid an chéad lá gnó eile. Déan teagmháil go díreach le do bhanc má bhíonn aon cheist agat.

    Le Mear-íocaíocht agus Payoneer is féidir eisíocaíochtaí a phróiseáil agus a sheoladh ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire.

    D'fhéadfadh moill a bheith ar eisíocaíochtaí atá le hathbhreithniú

    Is féidir athbhreithniú a dhéanamh ar gach idirbheart sula seoltar iad. Mar shampla, d'fhéadfaimis athbhreithniú a dhéanamh ar idirbheart chun calaois a chosc. D'fhéadfadh sé go gcuirfí moill ar an airgead, go gcuirfí ar sos é nó, i gcorrchás, go mbainfí de do chuntas é. Sna cásanna sin, b'fhéidir go gceanglófaí orainn ceadanna cuntais agus aistrithe íocaíochta a theorannú, agus b'fhéidir go n-iarrfaí ort eolas breise a chur ar fáil chun d'aitheantas a dheimhniú.

    Is cuid de phróisis chaighdeánacha iad athbhreithnithe, a dhéanann go leor cuideachtaí amhail Airbnb chun calaois a chosc agus chun cloí le rialacháin.

    D'fhéadfadh táillí a bheith i bhfeidhm ar roinnt modhanna eisíocaíochta

    I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh an institiúid airgeadais nó an modh eisíocaíochta a úsáideann tú chun do chuid airgid a fháil táille bhreise a ghearradh. Le haghaidh tuilleadh eolais, faigh amach faoi d'eisíocaíocht a ríomh.

    An raibh an mhír seo úsáideach?

    Míreanna gaolmhara

    • Cabhair • Óstach

      Cuir modh eisíocaíochta leis

      Is féidir leat modhanna eisíocaíochtaí a chur leis nó a athrú i socruithe do chuntais.
    • Cabhair • Óstach

      Conas a bheidh a fhios agat má tá do mhodh eisíocaíochta ag obair

      Is féidir leat an stádas in aice le do mhodh eisíocaíochta a sheiceáil, is é sin Réamhshocraithe, Ar Feitheamh, Earráid, nó cás nach bhfuil aon stádas liostaithe (rud a chiallaíonn go bhfuil sé deimhnithe ach nach é do mhodh eisíocaíochta réamhshocraithe é).
    • Cabhair • Óstach

      Faigh do thuilleamh

      Is féidir leat stádas do thuillimh a sheiceáil agus eolas mionsonraithe ar do thuilleamh a athbhreithniú ó do dheais tuillimh.
    Faigh cabhair le d'áirithintí, do chuntas, agus rudaí eile.
    Logáil isteach nó cláraigh