Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Polasaí pobail
Óstach Eispéiris

Eispéiris d'aíonna ag a bhfuil riachtanais inrochtaineachta a óstáil

Tá Airbnb ag obair ar conas bheith ina ardán níos uilechuimsithí, ardán inar féidir le gach duine páirt a ghlacadh in Eispéireas agus taitneamh a bhaint as Eispéireas. D’fhéadfadh sé go mbeadh duine éigin de dhíth ar dhaoine faoi mhíchumas chun freastal leis nó léi ar Eispéireas d’fhonn go mbeidh sé nó sí ábalta páirt iomlán a ghlacadh ann—mar shampla, ateangaire d’aoi atá bodhar nó a bhfuil lagéisteacht air nó uirthi, nó cúntóir cúraim phearsanta d’úsáideoir cathaoireach rothaí. Ag Airbnb, tugaimid sholáthraí rochtana ar an duine sin.

D'fhéadfadh sé go dtugtar ainmneacha éagsúla ar sholáthraithe rochtana ar fud an domhain, ach chun críocha Eispéiris Airbnb, ceapaimid gur duine é nó í soláthraí rochtana, atá os cionn 18 mbliana d’aois, a chuidíonn go rialta le duine faoi mhíchumas, duine a bhfuil tinneas meabhrach nó tinneas fadtéarmach air nó uirthi le gníomhaíochtaí laethúla.

D'fhéadfadh soláthraithe rochtana réimse tascanna a dhéanamh, lena n-áirítear cúram pearsanta a sholáthar, tascanna a dhéanamh laistigh nó lasmuigh den teach, agus iompar agus cúram leighis a eagrú. Ní mór dóibh siúd atá ainmnithe mar sholáthraí rochtana bheith ábalta cúnamh riachtanach a sholáthar don duine faoi mhíchumas.

I measc na mbealaí ar féidir le soláthraithe rochtana tacaíocht a chur ar fáil le linn Eispéiris tá an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta don méid seo a leanas:

  • Cuidiú leis an aoi dul timpeall ar shuíomh an Eispéiris
  • Cuidiú leis an aoi cumarsáid a dhéanamh leis an Óstach nó le haíonna eile
  • Dul in éineacht leis an aoi chuig an leithreas agus/nó chun cuidiú leis nó léi an leithreas a úsáid
  • Cuidiú leis an aoi rudaí a cheannach
  • Cuidiú leis an an aoi le próisis le linn ceardlainne/ranga
  • Cuidiú leis an aoi ithe nó ól

Ní cheanglaítear ar sholáthraithe rochtana:

  • Cónaí leis an duine a dtugann siad aire dó nó di
  • Pá a fháil as a gcuid ama
  • Oiliúint fhoirmiúil a bheith acu

Polasaithe iontrála eispéireas do sholáthraithe rochtana

Is féidir le hÓstaigh Eispéiris Airbnb a roghnú ligean do sholáthraithe rochtana teacht in éineacht leis na haíonna a bhfuil siad ag cabhrú leo go pearsanta gan aon chostas breise.

Nuair a chuireann aoi, a bhfuil soláthraí rochtana de dhíth air nó uirthi, Eispéireas in áirithe a bhfuil an ghné seo cumasaithe air, ní ghearrfar aon táille ar a sholáthraí nó ar a soláthraí rochtana as suíochán ar leith (ná ní áireofar é nó í sin mar shuíochán ar leith).

Maidir le soláthraithe rochtana a théann in éineacht le haoi:

  • Ní bheidh siad páirteach go gníomhach san Eispéireas gan an t-aoi a rinne an áirithint - ciallaíonn sé seo nach dtairgfear a gcuid soláthairtí, trealaimh, srl. féin dóibh.
  • Ní cairde nó baill teaghlaigh iad ar mian leo dul i gcosamar leis nó léi ar Eispéireas
  • Ní thugann siad tacaíocht cúraim páistí amhail feighlí páistí, au pair, nó gogamán

Le haghaidh óstach

Chun an socrú seo a chasadh air le haghaidh Eispéireas Pearsanta, téigh chuig D'eispéiris, roghnaigh Cuir in eagar, ansin téigh go Socruithe praghais > Praghsáil aíonna.

Nuair a chuirtear Eispéireas in áirithe agus an socrú seo cumasaithe, iarrtar ar aíonna teagmháil a dhéanamh leis an Óstach lena chur in iúl dó nó di go mbeidh siad ag freastal le soláthraí rochtana, agus chun sonraí breise ar bith a phlé.

Ní ghearrfar táille ar bith ar sholáthraí rochtana as suíochán ar leith (nó ní áireofar é nó í mar shuíochán ar leith), agus ní áireofar a bhfreastal i ríomhanna teorann nó praghsála grúpa. Má tá tosca i gceist le d’Eispéireas a chuireann teorainn le méid iomlán an ghrúpa, amhail iompar nó ticéid, b’fhéidir go mbeadh ort na sonraí seo a phlé leis an aoi roimh an Eispéireas.

D'aíonna

Is féidir leat Eispéiris phearsanta a chuardach a thairgeann cead isteach saor in aisce do sholáthraithe rochtana. I ndiaidh duit do chuardach d'Eipéiris Airbnb a dhéanamh ar dtús de réir suímh agus dáta, roghnaigh Tuilleadh scagairí, agus oscail Roghnaigh gnéithe inrochtaineachta chun scagairí atá ar fáil do do chuardach a thaispeáint.

Agus Eispéireas á chur in áirithe agat lena bhfuil cead isteach saor in aisce do sholáthraithe rochtana déan teagmháil leis an Óstach lena chur in iúl dó nó di go mbeidh tú ag freastal le soláthraí rochtana, agus le haon sonraí breise a phlé. Glactar le cóimheas aoi is soláthraí rochtana 1:1; tosaigh idirphlé leis an Óstach, le do thoil, lena fháil amach cad is féidir a dhéanamh bunaithe ar an eispéireas sonrach.

Ar chuidigh an mhír seo?
Faigh cabhair le d'áirithintí, do chuntas, agus rudaí eile.
Logáil isteach nó cláraigh