An mbeidh feidhm ag an bPolasaí um Imthosca Maolaitheacha maidir le m'áirithint le linn phaindéim COVID-19?
Tabhair do d'aire: Ón 31 Bealtaine 2022 i leith, ní chlúdófar imthosca a bhaineann le paindéim COVID-19 a thuilleadh faoinár bPolasaí um Imthosca Maolaitheacha. Maidir le háirithintí a rinneadh roimh an 31 Bealtaine 2022, clúdófar imthosca áirithe a bhaineann le COVID-19 fós. Tá polasaithe éagsúla i bhfeidhm maidir le háirithintí Luxe agus áirithintí intíre sa Chóiré Theas.
Tugtar míniú mion sa mhír seo ar conas a fheidhmíonn an Polasaí um Imthosca Maolaitheacha maidir le cealuithe mar gheall ar COVID-19.
Seo achoimre chun cabhrú leat a fháil amach an bhfuil d’áirithint incháilithe.
Má rinne tú áirithint ar an 14 Márta 2020 nó roimhe sin, beidh d’áirithint incháilithe más fíor gach ceann díobh seo a leanas
- Tá an dáta don tseiceáil isteach laistigh de na 45 lá atá amach romhainn
- agus níor chuir tú ar ceal í
- agus níor sheiceáil tú isteach ann cheana
- agus tá an phaindéim ag cur cosc ort d’áirithint a chríochnú
Más fíor an méid sin, is féidir leat í a chur ar ceal tú féin agus tabharfar roghanna duit maidir le cealú agus le haisíocaíochtaí le linn an phróisis. Le háirithint a chur ar ceal faoin bpolasaí, beidh ort a dhoiciméadú nó a fhianú nach féidir leat d'áirithint a chríochnú mar gheall ar COVID-19.
Má rinne tú áirithint tar éis an 14 Márta 2020 agus roimh an 31 Bealtaine 2022, beidh d’áirithint incháilithe más fíor gach ceann díobh seo a leanas
- Tá an dáta don tseiceáil isteach laistigh de na 14 lá atá amach romhainn
- agus níor chuir tú ar ceal cheana féin í
- agus níor sheiceáil tú isteach ann cheana
- agus tá tú féin nó aoi eile i do chomhluadar taistil tinn faoi láthair le COVID-19
Más fíor na rudaí sin go léir, is féidir leat an áirithint a chur ar ceal trí theagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann tacaíochta pobail. Iarrfaimid ort é seo a dheimhniú le cáipéisíocht (amhail toradh tástála COVID-19), má cheadaítear sin go dlíthiúil. Cuirfear bac sealadach ar do chuntas áirithintí nua a dhéanamh, agus cuirfear aon áirithintí atá le teacht laistigh de na 14 lá amach romhainn ar ceal.
Mura bhfuil tú incháilithe agus má chuireann tú an áirithint ar ceal, socrófar d’aisíocaíocht de réir pholasaí cealaithe d’Óstaigh, agus taispeánfaimid méid d'aisíocaíochta sula ndeimhneoidh tú an cealú. Sa chás seo, scaoilfear eisíocaíochtaí d'Óstaigh agus aisíocaíochtaí d'aíonna de réir pholasaí cealaithe an Óstaigh lenar aontaigh tú nuair a rinne tú an áirithint.
Tabhair do d'aire: Nuair a chuirtear áirithint ar ceal, scaoileann Airbnb aon eisíocaíocht atá dlite don Óstach agus aon aisíocaíocht atá dlite don aoi de réir pholasaí cealaithe an Óstaigh. Ar an gcúis sin, ní dhéanfar athmheas ar áirithintí a cuireadh ar ceal sular fógraíodh an clúdach um imthosca maolaitheacha nó sular síneadh é.
Má rinne tú áirithint ar an 31 Bealtaine 2022 nó ina dhiaidh sin, ní bheidh d'áirithint incháilithe*, ach beidh na roghanna breise seo a leanas agat
Má tá do chuid pleananna solúbtha, d’fhéadfá smaoineamh freisin ar oibriú le d’Óstach chun an áirithint a athrú go dtí dáta níos déanaí.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’Óstach freisin chun aisíocaíocht bhreise a iarraidh, agus má aontaíonn sé nó sí, is féidir leis nó léi úsáid a bhaint as an Ionad Réitigh chun airgead a aistriú chugat go sábháilte.
Má tá d'áirithint curtha ar ceal agat cheana féin nó má tá tú i ndiaidh seiceáil isteach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann tacaíochta pobail chun cúnamh a fháil.
Tá polasaithe éagsúla i bhfeidhm maidir le háirithintí Luxe agus áirithintí intíre sa Chóiré Theas.
Míreanna gaolmhara
- Riarthóir taistil
An féidir liom turas a chuir iarfhostaí in áirithe a chur ar ceal?
Is féidir leat é seo a dhéanamh i do dheais Airbnb don Obair. Rachaidh ár bhfoireann tacaíochta pobail i dteagmháil leat nuair a bheidh athb… - Aoi
Stádas d’iarratais ar athrú turais a sheiceáil
Is féidir leat dul chuig do Thurais chun nuashonrú a fháil ar stádas iarratais ar athrú, nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh go díreach l… - Aoi
Polasaí um Aíonna a Aisíoc maidir le hEispéiris
Déan athbhreithniú ar ár bPolasaí um Aíonna a Aisíoc maidir le hEispéiris.