Léim chuig ábhar
Déan nascleanúint chun teacht ar thorthaí molta

    Conas is féidir liom eispéireas ar líne a chur in áirithe?

    Is féidir leat d'eispéireas ar líne ar Airbnb a chur in áirithe ar an mbealach céanna a chuireann tú eispéireas pearsanta in áirithe. Déantar eispéiris ar líne a óstáil ar Zoom. Is néalardán tríú páirtí é Zoom le haghaidh físchomhdhála agus is féidir é a úsáid ar ríomhairí deisce, ar tháibléid, agus ar ghléasanna móibíleacha.

    Praghsáil

    Déantar eispéiris ar líne a phraghsáil in aghaidh an duine mar réamhshocrú. Ba chóir duit áit a chur in áirithe do gach duine a bheidh ag glacadh páirt san eispéireas. Má bhíonn d'óstach sásta, áfach, ligean d'aíonna iomadúla páirt a ghlacadh in aghaidh an ghléis, cuirfidh sé nó sí in iúl duit nach gá duit ach áit amháin a chur in áirithe ar leathanach a eispéiris nó a heispéiris faoi Cad a Dhéanfaidh Tú agus Conas Páirt a Ghlacadh.

    Cealuithe áirithinte

    Is féidir leat an áirithint a chur ar ceal suas le 7 lá roimh an am tosaigh nó laistigh de 24 uair an chloig ón áirithint a dhéanamh. Baineann na polasaithecéanna le cealuithe ar Eispéiris Airbnb ar líne agus le cealuithe ar Eispéiris phearsanta Airbnb.

    Athruithe ar áirithint

    Is féidir leat áirithint a athrú suas le 72 uair an chloig sula dtosóidh an t-eispéireas. Tá polasaithe maidir le hathruithe ar áirithintí atá ann cheana mar an gcéanna le haghaidh Eispéiris Airbnb ar líne agus Eispéiris phearsanta Airbnb.

    Ag ullmhú d'eispéireas ar líne

    Is féidir leat féachaint ar na rannóga Conas páirt a ghlacadh agus Riachtanais aíonna de leathanach an eispéiris chun a fháil amach cad a chaithfidh tú a ullmhú sula bhfreastalóidh tú, agus gheobhaidh tú é i ríomhphost deimhnithe d'áirithinte chomh maith.

    Cá háit le bualadh le d’óstach

    Gheobhaidh tú nasc chun dul leis an eispéireas ar líne i do ríomhphost deimhnithe, agus sa ríomhphost meabhrúcháin a sheolfar sula dtosóidh an t-eispéireas ar líne. Is féidir leat é a fháil freisin i d'eolas faoin áirithint atá ar fáil ar leathanach na dTuras .

    Conas Zoom a úsáid

    Má tá ríomhaire deisce á úsáid agat, is féidir leat dul leis ó do bhrabhsálaí nó íoslódáil aip Zoom. Má tá tú ag úsáid iOS nó fón Android, beidh ort aip Zoom a íoslódáil. Ní bheidh ort clárú do chuntas Zoom Léigh faoi cad a chaithfidh bheith ar eolas agat sula bhfreastalfaidh tú ar eispéireas ar líne ar Zoom

    Ná roinn nasc Zoom le haoi eile nach raibh i d’áirithint, agus tabhair faoi deara go bhféadfadh an t-óstach aoi ar bith a logálann isteach ar leithligh a chur amach as seomra cruinnithe Zoom.

    Fadhbanna le Zoom

    Bí cinnte go bhfuil an nasc ceart agat do d'eispéireas ar líne. Mura bhfuil an nasc ag obair, dún Zoom agus bain triail eile as an nasc. Mura n-oibríonn sé fós, cuir teachtaireacht chuig d’óstach le fáil amach an bhfuil fadhbanna acu le Zoom.

    Má tá Zoom ag iarraidh pasfhocal ort, cuir teachtaireacht chuig d'óstach trí Airbnb chun an pasfhocal a iarraidh.

    Ar deireadh, mura bhfuil fadhb ar bith ag an óstach, tabhair cuairt arIonad Cabhrach Zoom.

    Ábhar míchuí

    Má thagann tú ar aon ábhar míchuí, déan teagmháil le tacaíocht pobail Airbnb agus tuairiscigh é. Cuir an oiread eolais agus is féidir leat ar fáil agus imscrúdóidh Airbnb an fhadhb.

    Aisíocaíochtaí

    Beidh aíonna incháilithe i leith aisíocaíocht iomlán má bhíonn aon deacrachtaí teicniúla ann, amhail fadhbanna fuaime nó físeáin, a tharlódh mar gheall ar a ngléas féin nó ar ghléas an óstaigh le linn eispéireas ar líne. Léigh an polasaí maidir he haisíocaíocht iomlán sa mhír ar Pholasaí um Aíonna a Aisíoc maidir le hEispéiris.

    An bhfuair tú an cúnamh a bhí uait?

    Míreanna gaolmhara