Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Rialacha
Aoi

Roghanna cealaithe de bharr COVID-19

Áirithintí a rinneadh ar an 14 Márta 2020 nó roimhe sin

Má rinneadh d’áirithint ar an 14 Márta 2020 nó roimhe sin agus má tá COVID-19 ag cur isteach ar do phleananna taistil, is féidir leat a fháil amach cad iad na roghanna cealaithe agus aisíocaíochta atá agat faoi láthair trí dhul chuig cuir d’áirithint ar ceal agus trí Tá athrú tagtha ar mo phleananna taistil mar gheall ar phaindéim COVID-19 a roghnú.

Ag brath ar d'imthosca, b'fhéidir go bhfeicfeá ceann amháin nó níos mó de na roghanna seo a leanas:

  • Aisíocaíocht de réir pholasaí cealaithe d’Óstaigh
  • Aisíocaíocht iomlán airgid i ndiaidh duit doiciméid oifigiúla a chur isteach lena n-athbhreithniú
  • Creidmheas taistil d'imthosca maolaitheacha
  • Iarr aisíocaíocht iomlán ar d'Óstach

Áirithintí a rinneadh i ndiaidh an 14 Márta 2020 agus roimh an 31 Bealtaine 2022

Má rinneadh d'áirithint i ndiaidh an 14 Márta 2020 agus roimh an 31 Bealtaine 2022 agus má tá COVID-19 ag cur isteach ar do phleananna taistil, beidh polasaí cealaithe d'Óstaigh i bhfeidhm. Má bhíonn tú tinn mar gheall ar COVID-19, áfach, clúdófar é seo faoinár bPolasaí um Imthosca Maolaitheacha.

Mura gcáilíonn d’áirithint i leith aisíocaíocht iomlán, is féidir leat teachtaireacht a chur chuig d’Óstach i gcónaí lena fháil amach an mbeadh sé nó sí sásta aisíocaíocht bhreise a thabhairt duit tríd an Ionad Réitigh.

Áirithintí a rinneadh ar an 31 Bealtaine 2022 nó ina dhiaidh sin

Má rinneadh d’áirithint ar an 31 Bealtaine 2022 nó ina dhiaidh sin agus má tá COVID-19 ag cur isteach ar do phleananna taistil, beidh polasaí cealaithe d’Óstaigh i bhfeidhm. Ní chlúdaíonn ár bPolasaí um Imthosca Maolaitheacha cealuithe a bhaineann le COVID-19 le haghaidh na n-áirithintí seo.

Rudaí eile le bheith ar an eolas fúthu

Ní bhaineann an t-eolas thuas le háirithintí Luxe, atá faoi réir Polasaí um Atháirithint agus Aisíoc Luxe ar leith. Maidir le háirithintí Luxe a cuireadh in áirithe roimh an 20 Márta 2020, féach freagairt Luxe Airbnb ar COVID-19 agus déan teagmháil dhíreach le do dhearthóir turas má bhíonn ceisteanna ar bith agat.

Tá polasaithe éagsúla i bhfeidhm maidir le háirithintí intíre sa Chóiré Theas.

Ar chuidigh an mhír seo?

Míreanna gaolmhara

Faigh cabhair le d'áirithintí, do chuntas, agus rudaí eile.
Logáil isteach nó cláraigh