Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Cabhair

Leideanna sábháilteachta maidir le háit a roghnú

Do chuid ama agus do chuid airgid féin a chaitheamh a bhíonn i gceist le dul ar thuras de ghnáth. Mar sin b'fhearr duit a bheith cinnte go bhfaighidh tú áit a oireann go seoigh duit. Seo roinnt leideanna chun cuidiú leat taisteal le muinín, agus fios agat go ndearna tú an cinneadh ceart.

Faigh an rud a oireann duitse

I dtús báire, aimsigh spás a oireann do do riachtanais trí mheán ár scagairí cuardaigh iomadúla. Nuair a fheicfidh tú áit a thaitníonn go mór leat, glac d'am agus léigh próifíl an Óstaigh agus an cur síos ar an liostú, agus tabhair aird ar leith ar na saoráidí, na rialacha tí agus an polasaí cealaithe.

Léigh na rátálacha agus na léirmheasanna

Molaimid i gcónaí aiseolas ó aíonna eile a léamh mar bhealach iontach chun an áit fhoirfe a aimsiú. Gheobhaidh tú rátálacha ar fhochatagóirí amhail glaineacht agus cruinneas, chomh maith le léirmheasanna mionsonraithe ó chomhthaistealaithe. Ní féidir le haíonna léirmheas a fhágáil go dtí go mbeidh a dturas críochnaithe, agus mar sin beidh muinín agat go mbaineann an t-aiseolas le léirmheas ó dhuine a d'fhan ansin i ndáiríre.

An dteastaíonn tuilleadh eolais uait? Tuilleadh eolais faoin dóigh a n-oibríonn léirmheasanna ar áiteanna fanachta.

Déan athbhreithniú ar na gnéithe sábháilteachta

Níor mhiste seiceáil an bhfuil brathadóirí deataigh agus aonocsaíde carbóin ar an réadmhaoin, agus tá siad sin le fáil sa liostú saoráidí faoi Shábháilteacht tí.

Léigh tuilleadh faoi bhrathadóirí deataigh agus aonocsaíde carbóin inár nIonad Cabhrach.

Faigh freagraí ón Óstach

Is bealach sábháilte éasca é ár n-uirlis shlán teachtaireachtaí chun aon cheist a chur ar Óstach ionchasach sula ndéanfaidh tú áirithint. I ndiaidh duit áirithint a dhéanamh, is féidir leat teachtaireacht a chur chuig an Óstach freisin chun seiceáil isteach a chomhordú, ceisteanna breise a chur agus coinneáil i dteagmháil le linn do thurais. Faigh tuilleadh eolais maidir le teagmháil a dhéanamh le hÓstaigh.

Déan cumarsáid agus íoc ar Airbnb i gcónaí

Coinnigh tú féin, d'íocaíocht agus do shonraí pearsanta sábháilte trí fhanacht ar ár n-ardán slán le linn an phróisis ar fad—idir chumarsáid, áirithint a dhéanamh agus íocaíocht. Níor cheart go n-iarrfaí ort choíche airgead a sheoladh go leictreonach, eolas cárta creidmheasa a chur ar fáil nó Óstach a íoc go díreach ar shlí ar bith eile. Má tharlaíonn sé sin, tuairiscigh dúinn láithreach é, le do thoil.

Déan seiceáil sábháilteachta

Nuair a shroichfidh tú an áit, is maith is fiú eolas sábháilteachta agus trealamh éigeandála ábhartha a aimsiú, amhail an múchtóir dóiteáin nó an trealamh garchabhrach. Mura bhfuil tú cinnte cá bhfuil rud éigin, ná bíodh aon leisce ort ceist a chur ar d’Óstach. Is fearr a bheith ullamh i gcónaí.

Déan taighde ar fholáirimh agus rabhaidh taistil áitiúil

Pé acu a bheidh tú ag taisteal le Airbnb nó nach mbeidh, is den chríonnacht é taighde a dhéanamh ar do cheann scríbe roimh ré, agus dul i gcomhairle le d’ambasáid áitiúil faoi aon rabhaidh taistil nó riachtanais speisialta. Mar shampla, ba cheart do thaistealaithe ó SAM dul i gcomhairle le Roinn Stáit SA le haghaidh eolais faoi víosaí agus rabhaidh taistil. Faigh tuilleadh eolais ar ár leathanach sábháilteachta d'Óstaigh & d'aíonna.

Táimid anseo chun cabhrú leat

Má tá éigeandáil ar siúl, déan teagmháil leis na seirbhísí éigeandála áitiúla nó leis na húdaráis forfheidhmithe dlí chun cúnamh a fháil.

I dtaca le fadhbanna sábháilteachta, táimid ar fáil 24 uair an chloig sa lá. Léigh tuilleadh faoi conas teagmháil a dhéanamh linn inár nIonad Cabhrach.

Cuimhnigh: I gcás éigeandála, nó má tá do shábháilteacht phearsanta faoi bhagairt, déan teagmháil láithreach leis na póilíní áitiúla nó leis na seirbhísí éigeandála.

Ar chuidigh an mhír seo?

Míreanna gaolmhara

Faigh cabhair le d'áirithintí, do chuntas, agus rudaí eile.
Logáil isteach nó cláraigh