Léim chuig ábhar
    Déan nascleanúint chun teacht ar thorthaí molta

    Cé hiad na leideanna sábháilteachta atá ann d'aíonna in áiteanna le fanacht?

    Seo roinnt leideanna chun cabhrú leat a bheith muiníneach agus tú ag taisteal.

    Cuardaigh agus déan áirithint go muiníneach

    Tá an iliomad scagairí cuardaigh againn chun cúnamh a thabhairt duit an rud beacht atá á lorg agat a aimsiú, amhail praghas, cineál tí agus saoráidí. Ar aimsigh tú liostú a thaitníonn leat? Bí cinnte go léifidh tú próifíl an óstaigh agus cur síos an óstaigh ar an liostú go cúramach. Tabhair aird ar leith ar na saoráidí, na rialacha tí nó na riachtanais turais, agus ar an bpolasaí cealaithe.

    Léigh na rátálacha agus na léirmheasanna

    Féach ar aiseolas a thug aíonna roimhe seo chun cabhrú leat teacht ar an rud a oireann duit. Tiocfaidh tú ar rátálacha a bhaineann le caighdeáin éagsúla, amhail glaineacht agus cruinneas, agus léirmheasanna mionsonraithe ina bhfuil aiseolas fíor. Ní féidir le haíonna léirmheas a fhágáil ach tar éis dóibh fanacht leis an óstach ar leith sin. Mar sin beidh a fhios agat i gcónaí go bhfuil an t-aiseolas a bheidh á léamh agat bunaithe ar dhuine a d'fhan ansin.

    Athbhreithnigh na gnéithe sábháilteachta tí

    Nuair a chuireann tú áit in áirithe ar Airbnb, ba chóir duit tabhairt faoi deara cé acu a luann nó nach luann an t-óstach go bhfuil brathadóirí deataigh agus aonocsaíde carbóin ar an réadmhaoin. Gheobhaidh tú na sonraí sin ar leathanach an liostaithe faoi Saoráidí.

    Níl brathadóirí aonocsaíde carbóin coitianta i mórán áiteanna ar fud an domhain, mar sin, molaimid duit ceann a cheannach le tabhairt leat nuair a thaistealaíonn tú, go háirithe mura luadh go bhfuil ceann san áit ina mbeidh tú ag fanacht. Seo sampla amháin debhrathadóir aonocsaíde carbóin iniompartha.

    Faigh freagra ar do cheisteanna

    Is bealach sábháilte agus éasca é ár n-uirlis shlán teachtaireachtaí chun ceisteanna ar bith a bheidh agat sula ndéanann tú áirithint a chur ar óstach ionchasach. Tar éis duit áirithint a dhéanamh, is féidir leat teachtaireacht a chur chuig d'óstach chun an tseiceáil isteach a chomhordú, chun ceisteanna breise a chur, agus chun fanacht i dteagmháil le linn do thurais.

    Déan cumarsáid agus íoc ar Airbnb i gcónaí

    Coinnigh tú féin, d'íocaíocht, agus d'eolas pearsanta cosanta trí fhanacht ar ár n-ardán slán le linn an phróisis ar fad—idir chumarsáid, agus cur in áirithe agus íocaíocht. Ná hiarrtar ort riamh airgead a aistriú, eolas chárta creidmheasa a chuir ar fáil, nó óstach a íoc go díreach ar shlí eile. Má iarrtar ort, tuairiscigh dúinn é láithreach, le do thoil.

    Déan seiceáil sábháilteachta

    Nuair a shroichfidh tú an áit, bí cinnte go bhfuil a fhios agat cá bhfuil an trealamh éigeandála ábhartha agus an t-eolas sábháilteachta go léir. Mura bhfuil tú cinnte cá bhfuil an trealamh garchabhrach nó an múchtóir dóiteáin, ná bíodh drogall ort fiafraí de d'óstach. Tá sé níos fearr a bheith ullamh i gcónaí.

    Déan taighde ar fholáirimh agus ar rabhaidh taistil áitiúla

    Cé acu atá tú ag taisteal le Airbnb nó nach bhfuil, is smaoineamh maith é i gcónaí taighde a dhéanamh ar an gceann scríbe roimh ré, agus a fháil amach ó d'ambasáid áitiúil an bhfuil aon rabhaidh taistil nó riachtanais speisialta ann. Mar shampla, ba cheart do thaistealaithe ó na Stáit Aontaithe dul i gcomhairle leis an Roinn Stáit maidir le heolas faoi Víosaí agus rabhaidh taistil.

    Tuilleadh eolais ar ár leathanach Iontaoibhe & Sábháilteachta.

    Cuimhnigh: I gcás éigeandála, nó má tá do shábháilteacht phearsanta i mbaol, déan teagmháil láithreach leis na póilíní nó na seirbhísí éigeandála áitiúla.

    An bhfuair tú an cúnamh a bhí uait?
    Míreanna gaolmhara