Acmhainní dóibh siúd a dhéanann Áirithintí

Ábhair Choitianta
Conas áiteanna fanachta a aimsiú agus a chur in áirithe
Agus tú ag lorg liostaithe, molaimid duit na leideanna seo a leanas chun áit iontaofa ardmholta a aimsiú le haghaidh d'fhanacht atá le teacht:Aimsigh Áiteanna Fanachta ArdmholtaCuir isteach sonraí do thurais ag barr an leathanaigh:
- Suíomh: Cuir isteach cathair, seoladh nó sainchomhartha
 - Roghnaigh an raon dátaí agus líon na ndaoine a bheidh ag taisteal
 
Conas scagairí saoráidí a úsáid
Tosaigh leis na bunrudaíChun na torthaí is cruinne a fháil, roghnaigh do cheann scríbe, na dátaí a bheidh tú ag seiceáil isteach agus amach, agus líon iomlán na n-aíonna i gcónaí ag tús do chuardaigh.Tar éis duit torthaí do bhunchuardaigh a fháil, tá an rogha agat scagairí breise a chur leis.Scagairí breiseCliceáil nó tapáil ar scagairí móréilimh amhail Cineál áite nó Praghas ón leathanach torthaí cuardaigh, nó roghnaigh Tuilleadh scagairí chun rochtain a fháil ar gach scagaire cuardaigh.Bímid de shíor ag iarraidh do chuardach a éascú, agus leanfaidh scagairí ag athrú le himeacht ama. Seo duit roinnt roghanna a d'fhéadfadh a bheith ar fáil do do chuardach:
- Cineál áite: Roghnaigh as roghanna amhail an teach go léir nó seomra príobháideach
 - Praghas: Bain úsáid as an scála aistritheach chun liostuithe a aimsiú atá ar d'acmhainn
 - Solúbthacht chealaithe: Taispeáin áiteanna fanachta a thairgeann solúbthacht ina bpolasaí cealaithe
 - Seomraí agus leapacha: Roghnaigh líon na seomraí leapa, na seomraí folctha nó na leapacha a theastaíonn uait le linn do thurais
 - Áirithint ar an bPointe: Aimsigh áiteanna is féidir leat a chur in áirithe gan fanacht le cead ón Óstach
 - Saoráidí: Roghnaigh na saoráidí a theastóidh uait le linn d'fhanachta, amhail cistin nó teilifíseán
 - Áiseanna: Roghnaigh as áiseanna amhail spórtlann nó linn snámha
 - Inrochtaineacht: Roghnaigh na gnéithe a theastóidh uait chun bogadh timpeall na háite go compordach agus go sábháilte
 - Comharsanachtaí: I gcás ina bhfuil siad ar fáil, roghnaigh na ceantair den chathair is mó a bhfuil spéis agat iontu
 - Teanga an Óstaigh: Roghnaigh Óstaigh ag a bhfuil teanga atá agatsa
 - Rialacha tí: Cuardaigh áiteanna a cheadaíonn peataí
 
Conas áiteanna fanachta a aimsiú atá oiriúnach do riachtanais inrochtaineachta
Nuair a bheidh do cheann scríbe roghnaithe, na dátaí a bheidh tú ag seiceáil isteach agus amach curtha isteach agus líon iomlán na n-aíonna curtha isteach agat, is féidir leat scagairí breise a chur leis chun freastal ar do riachtanais inrochtaineachta.Roghnaigh “Tuilleadh Scagairí” ar an leathanach cuardaigh.Cuardaigh an rannóg Inrochtaineachta agus roghnaigh “Roghnaigh gnéithe de d'áit le fanacht”.Roghnaigh na scagairí a chomhlíonann do chuid riachtanas.Leid: Chun do thorthaí cuardaigh a uasmhéadú, bíonn sé úsáideach do phríomhghnéithe inrochtaineachta tosaíochta a roghnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar gach liostú lena chinntiú go gcomhlíonann sé do chuid riachtanas go léir.Taispeánfar sna torthaí cuardaigh liostuithe a bhfuil na scagairí inrochtaineachta a roghnaigh tú iontu. Roghnaigh liostú ar spéis leat é chun an cur síos ar an liostú nó léirmheasanna ó aíonna roimhe seo a léamh nó chun grianghraif a fheiceáil.Scrollaigh síos chun féachaint ar ghrianghraif sa rannóg inrochtaineachta. Mura bhfuil tú cinnte nó má tá aon imní ort, seo roinnt leideanna úsáideacha agus sampla de cheisteanna a d'fhéadfá a chur ar an óstach:
- Bí cinnte agus tabhair na tomhais bheachta a theastaíonn uait don óstach maidir le haon cheann díobh seo a leanas:
- Leithead an dorais chuig bealach isteach an liostaithe, chuig an seomra leapa agus chuig an seomra folctha
 - Spás timpeall na leapa
 - Spás timpeall an tseomra folctha
 
 - An bhfuil aon chéimeanna le dul suas chun dul isteach i seomra leapa an liostaithe nó sa seomra folctha ar an bpríomhurlár?
 - An féidir leat cur síos a dhéanamh ar an gcosán ón tsráid go dtí an bealach isteach tosaigh? An bhfuil aon chéimeanna, fánaí géara, gairbhéal, srl. ann?
 - An féidir troscán (boird, saoisteoga, srl.) a bhogadh chun níos mó spáis a dhéanamh chun bogadh timpeall?
 - An bhfuil soilsiú go leor ar bhealach isteach an liostaithe chun aoi ag a bhfuil radharc lag a threorú?
 - An bhfuil leagan digiteach de do threoirleabhar agus de do rialacha agat?
 
Conas áirithint a dhéanamh thar ceann daoine eile
Tar éis duit liostú a roghnú, téigh chuig leathanach an chuntair amach.Céim 1: Roghnaigh turas oibre ag an gcuntar amachChun liostú a chur in áirithe do dhuine eile, ní mór duit an áirithint a roghnú mar thuras oibre.Roghnaigh an cnaipe “An turas oibre é seo?”Céim 2: Cuir an áit sin in áirithe thar ceann duine eileRoghnaigh “Cuir leis” faoi “Cuir an áit seo in áirithe thar ceann duine eile” chun tosú ag cuardach taistealaí ar leith.Céim 3: Cuardaigh ainm an taistealaíBain úsáid as an mbarra cuardaigh chun taistealaí a aimsiú laistigh de d'eagraíocht le hainm nó seoladh ríomhphoist. Mura bhfuil ainm nó ríomhphost taistealaí le feiceáil nó má tá sé lasmuigh de d'eagraíocht, roghnaigh “Cuir taistealaí nua leis".Céim 4: Deimhnigh an taistealaíNuair a bheidh an taistealaí aimsithe nó curtha leis agat, cliceáil “Sábháil” chun an duine sin a chur leis an áirithint.I gcásanna áirithe, seans go mbeadh ar thaistealaithe a bpróifíl Airbnb a chríochnú, ceadanna a thabhairt chun áirithint a dhéanamh thar a gceann nó cuntas Airbnb a chruthú. Ná bí buartha—is féidir leat an áirithint a chríochnú idir an dá linn agus inseoimid duit féin agus don taistealaí conas an chuid eile a chríochnú.Céim 5: Críochnaigh an áirithintTá an taistealaí curtha leis an áirithint seo anois. Críochnaigh an áirithint trí “Deimhnigh agus íoc” a roghnúCéim 6: Deimhniú ÁirithinteNuair a bheidh na céimeanna thuas críochnaithe, gheobhaidh tú teachtaireacht deimhniúcháin.Gheobhaidh tú deimhniú ar ríomhphost freisin.Más gá don taistealaí dá bhfuil tú ag déanamh na háirithinte céimeanna breise a dhéanamh, coinneoimid ar an eolas thú faoin stádas agus seolfaimid meabhrúchán chuig an taistealaí chun a p(h)róifíl a chríochnú.
Teachtaireacht shamplach chuig óstaigh
A [Óstaigh], a chara,Tá súil agam go bhfuil cúrsaí go maith.Oibrím mar Phleanálaí Turais agus dar liom go mbeadh do theach oiriúnach dár n-aoi fíorthábhachtach. An ndeimhneofá na sonraí seo a leanas dom, le do thoil?An bhfuil aon obair thorannach tógála ar siúl in aice láimhe a chuirfeadh isteach ar dhaoine le linn an fhanachta?Ar mhiste leat an fad idir an teach agus [an Ceann Scríbe mar a mbeidh an t-aoi] a dheimhniú[Ceist ar bith a bhaineann le riachtanais uathúla an aoi – mar shampla: An bhfuil bunáiseanna cistine sa teach, an gceadaítear peataí, an mbeidh daoine ar an láthair le haghaidh seiceáil isteach, srl.];Cuir in iúl dom má tá aon cheist agat agus beidh mé sásta sonraí a chur ar fáil.Go raibh maith agat,Pleanálaí Turais
© 2023 Airbnb
© 2023 Airbnb
