Saothraigh airgead mar óstach pubaill

Faigh amach an méid a d'fhéadfá a shaothrú

Saothraigh airgead mar óstach pubaill

Faigh amach an méid a d'fhéadfá a shaothrú

Óstáil puball ar Airbnb

Is ionann pubaill agus foirgnimh atá déanta as éadach agus cuaillí a bhíonn iniompartha agus infhillte de ghnáth. Nuair a óstáiltear puball ar Airbnb tugtar deis d’aíonna fanacht compordach fiontrach bheith acu amuigh faoin aer.

Cad is Airbnb ann?

Nascann Airbnb daoine le háiteanna le fanacht agus le rudaí le déanamh ar fud an domhain. Tá an pobal faoi stiúir óstach, a thugann an deis uathúil dá n-aíonna taisteal ar nós duine áitiúil.

Cén fáth a ndéanfá óstáil ar Airbnb?

Le Airbnb tá sé simplí agus slán taistealaithe a óstáil. Beidh smacht iomlán agat ar d'infhaighteacht, ar do phraghsanna, ar do rialacha tí, agus ar an gcaoi a ndéanfaidh tú caidreamh le haíonna.

Tacaímid leat

Chun tú féin, do theach, agus do chuid giuirléidí a choinneáil sábháilte, clúdaímid gach áirithint le $1M USD i gcosaint damáiste do réadmhaoin agus $1M USD eile in árachas i gcoinne timpistí.

Óstáil i 3 chéim

Liostaigh do spás saor in aisce

Déan spás ar bith a roinnt gan táillí cláraithe, idir theach aíochta agus scioból agus gach rud idir eatarthu.

Cinn conas is mian leat óstáil a dhéanamh

Roghnaigh do sceideal, do phraghsanna, agus do riachtanais féin d'aíonna. Táimid anseo le cuidiú feadh an bhealaigh.

Cuir fáilte roimh do chéad aoi

Nuair a bheidh do liostú beo, beidh aíonna incháilithe in ann dul i dteagmháil leat. Is féidir leat teachtaireacht a chur chucu agus ceisteanna ar bith a chur orthu roimh a bhfanacht.

Chabhraigh an Ráthaíocht don Óstach liom an cinneadh a dhéanamh dul le Airbnb mar go mbeidh sé agam má bhíonn damáiste nó fadhbanna ann.

Óstálann Dennis i Londain mar gheall ar an tsolúbthacht atá ar fáil ann

Tuilleadh eolais maidir leis an tslí a n-óstálann siad
Chabhraigh an Ráthaíocht don Óstach liom an cinneadh a dhéanamh dul le Airbnb mar go mbeidh sé agam má bhíonn damáiste nó fadhbanna ann.

Óstálann Dennis i Londain mar gheall ar an tsolúbthacht atá ar fáil ann

Tuilleadh eolais maidir leis an tslí a n-óstálann siad

Tá tú clúdaithe againn

Tá a fhios againn go bhfuil sé ríthabhachtach go mbeadh iontaoibh agat as na daoine a bheidh ag fanacht i do theach. Ligeann Airbnb duit dianriachtanais a leagan síos maidir le cé atá in ann áirithint a dhéanamh agus aithne a chur ar aíonna sula bhfanfaidh siad.

Má thagann rud éigin aníos, áfach, beimid anseo le tacú leat. Idir ár gcosaint $1M in aghaidh damáiste do réadmhaoin agus seirbhís dhomhanda 24/7, tugtar tacaíocht duit i gcónaí mar óstach.

An cumas ID rialtais a éileamh sula ndéanfar áirithint
Rialacha Tí nach mór d'aíonna aontú leo
Deis le léirmheasanna ó thurais roimhe seo a léamh
Cosaint $1M saor in aisce ar dhamáiste do réadmhaoine
Tacaíocht dhomhanda 24/7 do chustaiméirí

Íocaíochtaí simplithe

Gearr an méid is mian leat

Is tusa a roghnóidh do phraghas i gcónaí. An dteastaíonn cabhair uait? Tá uirlisí againn le cabhrú leat freastal ar an éileamh i do cheantar.

Íoc táillí ísle

Níl aon chostas i gceist le clárú. Gearrann Airbnb táille chomhréidh 3% in aghaidh na háirithinte ar óstaigh go hiondúil, agus tá sin ar na táillí is ísle sa tionscal.

Faigh d'íocaíocht go tapa

Chomh luath agus a sheiceálfaidh aoi isteach, is féidir linn do chuid airgid a sheoladh trí Paypal, trí íocaíocht dhíreach nó trí mhodhanna eile atá ar fáil.

Freagraí ar do cheisteanna

Cé atá in ann a bheith ina óstach nó ina hóstach Airbnb?

Tá sé éasca tosú mar óstach Airbnb i bhformhór na n-áiteanna, agus tá sé saor in aisce i gcónaí liostú a chruthú. Níl in árasáin agus tithe iomlána, seomraí príobháideacha, tithe crainn agus caisleáin, ach dornán de na cineálacha réadmhaoine atá roinnte ag óstaigh ar Airbnb.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar cad a mbítear ag súil leis ó óstaigh, féach ar chaighdeáin phobail Airbnb, a bhaineann le sábháilteacht, slándáil agus iontaofacht, agus le caighdeáin fáilteachais, rud a chuidíonn le hóstaigh léirmheasanna iontacha a fháil ó aíonna.

Céard atá ag teastáil ó aíonna sular féidir leo áirithint a dhéanamh?

Iarraimid cúpla píosa eolais ar gach duine a úsáideann Airbnb sula dtaistealóidh sé nó sí linn. Ní mór d'aíonna an t-eolas seo a chomhlánú ina iomláine sular féidir leo iarratas ar áirithint a dhéanamh. Cuidíonn an t-eolas seo lena chinntiú go bhfuil a fhios agat cad a bheidh romhat, agus conas teagmháil a dhéanamh leis an aoi.

Áirítear ar riachtanais Airbnb d'aíonna: • Ainm iomlán • Seoladh ríomhphoist • Uimhir fóin dheimhnithe • Teachtaireacht tosaigh • Aontú le do Rialacha Tí • Eolas íocaíochta

Táthar ag súil go mbeidh pictiúr próifíle ag aíonna, ach níl sé riachtanach. D'fhéadfá a cheangal ar aíonna ID a chur ar fáil sula gcuirfidh siad do spás in áirithe freisin.

Cé mhéad a chosnaíonn sé mo spás a liostú?

Tá sé saor in aisce clárú le Airbnb agus do theach a liostú.

Nuair a gheobhaidh tú áirithint, gearrfaimid táille sheirbhíse Airbnb d’óstaigh, 3% go ginearálta, chun cabhrú leis an gcostas a bhaineann le reáchtáil an ghnó a íoc.

Cén chosaint atá agam i gcoinne damáiste do réadmhaoin?

Tugann Ráthaíocht don Óstach Airbnb cosaint dar luach suas le $1,000,000 d’óstach le haghaidh damáistí do réadmhaoin faoi chumhdach i gcás damáistí aoi os cionn shuim na héarlaise slándála, rud nach dtarlaíonn rómhinic, nó mura bhfuil éarlais slándála ar bith ann.

Ní chlúdaíonn an clár 'Ráthaíocht don Óstach' airgead tirim nó urrúis, áirnéisí bailitheora, saothair ealaíne neamhchoitianta, seodra, peataí nó dliteanas pearsanta. Molaimid d'óstaigh earraí luachmhara a choinneáil in áit shábháilte nó iad a chur ar leataobh agus a n-áit á ligean ar cíos acu. Ní chlúdaíonn an clár caillteanas réadmhaoine nó damáiste do réadmhaoin mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt.

Faigh tuilleadh eolais faoin Ráthaíocht don Óstach ag http://airbnb.com/guarantee

Conas is cóir dom praghas mo liostaithe a roghnú?

Is fút féin atá an praghas a ghearrann tú ar do liostú. Chun cabhrú leat cinneadh a dhéanamh, is féidir leat liostuithe inchomparáide i do chathair nó do chomharsanacht a chuardach chun barúil a fháil faoi phraghsanna an mhargaidh.

Táillí Breise • Táille ghlantacháin: Is féidir leat táille ghlantacháin a chuimsiú i do phraghas in aghaidh na hoíche nó is féidir leat táille ghlantacháin a chur le do shocruithe praghsála. • Táillí eile: Chun táillí breise a ghearradh taobh amuigh de do rátaí (amhail seiceáil isteach go déanach nó táille do pheataí), ní mór duit na táillí féideartha seo a chur in iúl do na haíonna sula ndéanfaidh siad áirithint agus ansin úsáid a bhaint as ár nIonad Réitigh chun íocaíocht as táillí breise a iarraidh go slán.

Conas is féidir le Airbnb cabhrú liom praghsanna a shocrú?

Le huirlis 'Praghsáil Cliste' Airbnb is féidir leat do phraghsanna a shocrú chun dul suas nó síos go huathoibríoch ar bhonn athruithe ar an éileamh ar liostuithe cosúil le do cheannsa.

Beidh tú freagrach i gcónaí as do phraghas, mar sin tá Praghsáil Chliste á rialú ag socruithe praghsála eile a roghnaíonn tú, agus is féidir leat praghsanna in aghaidh na hoíche a choigeartú ag am ar bith.

Tá Praghsáil Chliste bunaithe ar chineál agus ar shuíomh do liostaithe, ar an séasúr, ar an éileamh, agus ar thosca eile (amhail imeachtaí i do cheantar).

Réidh le tuilleamh?