Cruthaigh tacadóirí nua do do chúis
Bailigh airgead agus méadaigh tuiscint do d'eagraíocht neamhbhrabúis trí ghníomhaíochtaí a óstáil a thaitneoidh go mór le d'aíonna.
Ceangail muintir na háite agus taistealaithe le do mhisean
Ó do chuid scileanna beachaireachta a roinnt go rang cócaireachta cultúrtha a stiúradh, is féidir leat eispéireas Tionchair Shóisialta a thairiscint atá deartha chun aíonna a nascadh le do mhisean. Ní ghearann Airbnb a tháillí, agus mar sin, téann 100% de na fáltais chuig d'eagraíocht neamhbhrabúis.
Ó do chuid scileanna beachaireachta a roinnt go rang cócaireachta cultúrtha a stiúradh, is féidir leat eispéireas Tionchair Shóisialta a thairiscint atá deartha chun aíonna a nascadh le do mhisean. Ní ghearann Airbnb a tháillí, agus mar sin, téann 100% de na fáltais chuig d'eagraíocht neamhbhrabúis.
Freastail ar phobal ar mór a ghean
Ardaigh feasacht i measc pobal domhanda taistealaithe a aontaíonn le do luachanna féin. Agus na milliúin cuairteoir ann gach mí, is féidir le Airbnb cur le hinfheictheacht d'eagraíochta neamhbhrabúis.
Jon, óstach “Céaslaigh le Piongainí” Cape Town, an Afraic Theas
Jon, óstach “Céaslaigh le Piongainí” Cape Town, an Afraic Theas
Gin ioncam inbhuanaithe
Airbnb waives our 20% service fee for social impact experiences, so all funds you raise go directly to achieving your mission.
Gianfranco, óstach “Seandálaí ar feadh Lá amháin” an Róimh, an Iodáil
Gianfranco, óstach “Seandálaí ar feadh Lá amháin” an Róimh, an Iodáil
Spreag tacadóirí nua
Trí dhaoine a nascadh le do mhisean ar leibhéal níos doimhne, is féidir leat níos mó oibrithe deonacha, deontóirí agus gníomhaithe a chruthú a leanfaidh ag an scéil faoi do chúis.
Vy, óstach “Tóg do chroí le gaspal” Harlem, Cathair Nua-Eabhrac
Vy, óstach “Tóg do chroí le gaspal” Harlem, Cathair Nua-Eabhrac
Óstáil ar do choinníollacha féin
Socraigh an mhinicíocht athfhillteach a oireann duitse, roghnaigh do phraghas agus méid do ghrúpa (suas le deichniúr), agus bainistigh na mionsonraí go léir cibé áit a bhfuil tú lenár n-aip mhóibíleach áisiúil.
Ryan, óstach “Siúil Runyon Canyon le madra tarrthála” Los Angeles, SAM
Ryan, óstach “Siúil Runyon Canyon le madra tarrthála” Los Angeles, SAM
Conas tosú
Aimsigh óstach
Cé a chuireann croí do mhisin in iúl? Smaoinigh ar bhaill foirne, oibrithe deonacha, baill den phobal agus daoine a bheidh thuas leis mar óstach do d'eispéireas – is féidir leat saineolaí i do réimse a fhostú freisin.
Deimhnigh d'eagraíocht neamhbhrabúis
Chun nach ngearrfar táillí ort, caithfidh d'eagraíocht neamhbhrabúis a bheith cláraithe lenár gcomhpháirtí bailíochtaithe.
Cruthaigh d'eispéireas
Tabhair blaiseadh de do chúis do dhaoine ar mhodh uathúil praiticiúil. Má shásaíonn d'eispéireas ár gcaighdeáin cháilíochta, cuirfidh tú dátaí leis agus tosóidh tú ag óstáil!
Foghlaim conas a dhéantar é
Féach cad atá á dhéanamh ag na céadta eagraíocht neamhbhrabúis ar fud na cruinne chun feasacht a chur chun cinn, tacadóirí fadtéarmacha a chruthú agus airgead a bhailiú.
Féach cad atá á dhéanamh ag na céadta eagraíocht neamhbhrabúis ar fud na cruinne chun feasacht a chur chun cinn, tacadóirí fadtéarmacha a chruthú agus airgead a bhailiú.
Eolas faoi Airbnb
Cad is Airbnb ann?
Cúireann Airbnb daoine agus áiteanna le fanacht agus rudaí le déanamh le chéile ar fud an domhain. Tá an pobal faoi stiúir na n-óstach, a thugann an deis uathúil dá n-aíonna taisteal ar nós duine áitiúil.
Cad is eispéireas Airbnb ann?
Gníomhaíocht atá deartha agus treoraithe ag muintir spreagúil na háite. Ní turais nó ranganna tipiciúla iad eispéiris ach imeachtaí chun aíonna a thumadh isteach i do shaol uathúil. Is féidir le duine ar bith caitheamh aimsire, scil nó saineolas a roinnt gan seomra breise a bheith ag teastáil.
Freagraí ar cheisteanna
Is féidir le baill foirne, comhaltaí boird, conraitheoirí, oibrithe deonacha nó lucht tacaíochta de chuid ENR/eagraíochta neamhbhrabúis a bheith ina n-óstach tionchair shóisialta. Tá fíor-shaineolas acu ar obair na heagraíochta neamhbhrabúis agus cead óstála acu ón eagraíocht.
Ní mór don eagraíocht féin a bheith ina ENR/eagraíocht neamhbhrabúis chláraithe de réir shainmhíniú ár gcomhpháirtí bailíochtaithe TechSoup, agus ní mór í a bhailíochtú trí thairseach TechSoup. Cé nach bhfuil incháilithe eispéireas Tionchair Shóisialta a óstáil? • Eagraíochtaí reiligiúnacha nó creidimh, ach amháin i gcás gur gníomhaíochtaí neamhsheicteacha iad na gníomhaíochtaí a bhfuil urraíocht á dtabhairt ina leith , amhail cistineacha anraith nó brúnna, agus go bhfil fáilte roimh dhaoine as gach uile chreideamh iontu. • Eagraíochtaí a dhéanann leithcheal nó a bhfuil cleachtaí eisiatacha acu ar bhonn reiligiúin, inscne, gnéischlaonta nó ceisteanna eile a bhaineann le héagsúlacht, fiú má cheadódh dlíthe áitiúla é sin. • Eagraíochtaí polaitiúla nó brústocaireachta, cuallachtaí/seathrais ollscoile agus eagraíochtaí áirithe abhcóideachta agus comhshocair. Léigh tuilleadh: www.airbnb.com/how-do-i-host-a-social-impact-experience
Ní d'óstaigh eispéiris Tionchair Shóisialta. Ní ghearrann Airbnb a tháille 20% ar óstaigh bhailíochtaithe neamhbhrabúis. Fágann sin go dtéann 100% de na fáltais a bhailítear ón eispéireas go díreach chuig cuntas bainc d'eagraíochta.
Tá eispéiris in ainm a bheith ina ngníomhaíochtaí athfhillteacha leanúnacha ar féidir le muintir na háite agus le taistealaithe iad a chur in áirithe. Ós rud é go mbeidh solúbthacht agus úinéireacht iomlán agat ar infhaighteacht d'fhéilire, is fút féin atá sé cé chomh minic agus is mian leat óstáil. Óstálann roinnt óstach Tionchair Shóisialta 3 huaire sa tseachtain, ach óstálann roinnt eile díobh dhá uair sa mhí. Molaimid óstáil a dhéanamh uair amháin sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh níos mó deiseanna agat nascadh le pobal Airbnb. Dá mhéad dátaí atá ar fáil agat, is ea is mó aíonna a fheicfidh thú agus iad ag cuardach ar an ardán. Ós rud é go gciallaíonn níos mó dátaí gur mó an seans go bhfeicfear thú, ní mholaimid eispéiris nó imeachtaí aon uaire mar eispéireas Tionchair Shóisialta.
Caithfidh. Le bheith incháilithe, ní mór do gach duine a óstálann eispéireas nó a chuidíonn lena óstáil cuntas Airbnb a bheith aige nó aici, agus caithfidh sé nó sí a bheiht luaite as a ainm nó a haimn sa rannóg "Eolas fút féin". Tá sé i gcoinne pholasaí Airbnb níos mó ná óstach amháin a bheith ann, ach amháin má leanann siad na rialacha thuas.
Ní hea ar chor ar bith. Is tairiscintí ar leith iad eispéiris Airbnb agus Tithe Airbnb. Is féidir le hóstaigh Eispéiris na rudaí a bhfuil dúil acu iontu a roinnt agus a bheith ina n-ambasadóir dá gcathair gan gá dóibh óstáil ina dteach féin. Maidir le haíonna Eispéiris, ní gá go bhfuil siad ag fanacht i dTeach chun Eispéireas a chur in áirithe. Mar a tharlaíonn sé, is taistealaithe a bhíonn ag fanacht i liostuithe Airbnb iad a lán aíonna Eispéiris, ach feictear aíonna áitiúla freisin mar bhealach chun naisc sa phobal a neartú agus caidreamh áitiúil chothú.
Ós rud é go bhfaigheann óstaigh Thionchair Shóisialta 100% de na fáltais a ghnóthaíonn an t-eispéireas, beidh ar an óstach cuntas bainc na heagraíochta neamhbhrabúis a nascadh go díreach leis an gcuntas Airbnb a bhfuil siad ag óstáil air. Ciallaíonn sin go mbeidh ort cuntas Airbnb nua a chruthú ag baint úsáid as seoladh ríomhphoist d'eagraíochta neamhbhrabúis, agus cuntas bainc na heagraíochta neamhbhrabúis a chur leis mar mhodh eisíocaíochta. Ceithre huaire is fiche tar éis dheireadh d'eispéiris, gheobhaidh tú an eisíocaíocht i do rogha modha.
Is é misean Airbnb domhan a chruthú inar féidir le haon duine a bheith ar a shuaimhneas nó ar a suaimhneas in aon áit. Ceann de na bealaí is mó tionchar chun eolas a chur ar áit nua agus naisc a dhéanamh inti, dar linn, is ea tuiscint a fháil ar na ceisteanna a bhfuil cás ag muintir na háite iontu. Agus muid ag obair le heagraíochtaí neamhrialtasacha/neamhbhrabúis is féidir linn ár misean a chur chun cinn trí na heispéiris ar ár n-ardán a éagsúlú agus tionchar dearfach a chruthú i bpobail.