Óstáil fanacht ar fheirm ar Airbnb
Is mian le Airbnb cuidiú le níos mó feirmeoirí bheith mar chuid de phobal óstach Airbnb agus ioncam breise a shaothrú trí agrathurasóireacht. Trí fhanacht ar fheirm a óstáil ar Airbnb, beidh eispéireas níos géire agus níos barántúla ag aíonna ar an saol laethúil ar fheirm.
Cad is Airbnb ann?
Nascann Airbnb daoine le háiteanna le fanacht agus le rudaí le déanamh ar fud an domhain. Tá an pobal faoi stiúir óstach a thugann an deis uathúil dá n-aíonna taisteal ar nós duine áitiúil.
Cén fáth a n-óstálfá ar Airbnb?
Le Airbnb tá sé simplí agus sábháilte taistealaithe a óstáil. Beidh smacht iomlán agat ar d'infhaighteacht, ar do phraghsanna, ar do rialacha tí, agus ar an gcaoi a ndéanfaidh tú caidreamh le haíonna.
Tacóimid leat
Chun tú féin, do theach, agus do chuid giuirléidí a choinneáil sábháilte, clúdaímid gach áirithint le $1M USD i gcosaint ar dhamáiste do réadmhaoin agus $1M USD eile in árachas i gcoinne timpistí.
Óstáil i 3 chéim
Liostaigh do spás saor in aisce
Roinn spás ar bith gan táillí cláraithe, idir theach aíochta agus scioból agus gach rud idir eatarthu.
Cinn conas is mian leat óstáil a dhéanamh
Roghnaigh do sceideal, do phraghsanna, agus do riachtanais féin d'aíonna. Táimid anseo le cuidiú leat feadh an bhealaigh.
Cuir fáilte roimh do chéad aoi
Nuair a bheidh do liostú beo, beidh aíonna incháilithe in ann dul i dteagmháil leat. Is féidir leat teachtaireacht a chur chucu agus ceisteanna ar bith a chur orthu roimh a bhfanacht.
Tá tú clúdaithe againn
Tá a fhios againn go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh muinín agat as na daoine a bheidh ag fanacht i do theach. Ligeann Airbnb duit dianriachtanais a leagan síos maidir le cé atá in ann áirithint a dhéanamh agus aithne a chur ar aíonna roimh a bhfanacht.
Má thagann rud éigin aníos, áfach, beimid anseo le tacú leat. Idir ár gcosaint $1M in aghaidh damáiste do réadmhaoin agus seirbhís dhomhanda 24/7, tugtar tacaíocht duit i gcónaí mar óstach.
Íocaíochtaí simplí
Gearr pé méid is mian leat
Is tusa a roghnóidh do phraghas i gcónaí. An dteastaíonn cabhair uait? Tá uirlisí againn le cabhrú leat freastal ar an éileamh i do cheantar.
Íoc táillí ísle
Níl aon chostas i gceist le clárú. Gearrann Airbnb táille chomhréidh 3% in aghaidh na háirithinte ar óstaigh go hiondúil, agus tá sin ar na táillí is ísle sa tionscal.
Faigh d'íocaíocht go tapa
Nuair a sheiceálfaidh aoi isteach, is féidir linn do chuid airgid a sheoladh trí Paypal, trí íocaíocht dhíreach nó trí mhodhanna eile atá ar fáil.
Freagraí ar do cheisteanna
Tá sé éasca tosú mar óstach Airbnb i bhformhór na n-áiteanna, agus tá sé saor in aisce i gcónaí liostú a chruthú. Níl in árasáin agus tithe iomlána, seomraí príobháideacha, tithe crainn agus caisleáin, ach dornán de na cineálacha réadmhaoine atá roinnte ag óstaigh ar Airbnb.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar cad a mbítear ag súil leis ó óstaigh, féach ar chaighdeáin phobail Airbnb, a bhaineann le sábháilteacht, slándáil agus iontaofacht, agus le caighdeáin fáilteachais, rud a chuidíonn le hóstaigh léirmheasanna iontacha a fháil ó aíonna.
Iarraimid cúpla píosa eolais ar gach duine a úsáideann Airbnb sula dtaistealóidh sé nó sí linn. Ní mór d'aíonna an t-eolas seo a chomhlánú ina iomláine sular féidir leo iarratas ar áirithint a dhéanamh. Cuidíonn an t-eolas seo lena chinntiú go mbeidh a fhios agat cad a bheidh romhat, agus conas teagmháil a dhéanamh leis an aoi.
Áirítear ar riachtanais Airbnb d'aíonna: • Ainm iomlán • Seoladh ríomhphoist • Uimhir fóin dheimhnithe • Teachtaireacht tosaigh • Aontú le do Rialacha Tí • Eolas íocaíochta
Táthar ag súil go mbeidh grianghraf próifíle ag aíonna, ach níl sé riachtanach. D'fhéadfá a cheangal ar aíonna ID a chur ar fáil sula gcuirfidh siad do spás in áirithe freisin.
Tá sé saor in aisce clárú le Airbnb agus do theach a liostú.
Nuair a gheobhaidh tú áirithint, gearrfaimid táille sheirbhíse Airbnb d’óstaigh, 3% go ginearálta, chun cabhrú leis an gcostas a bhaineann le reáchtáil an ghnó a íoc.
Tugann Ráthaíocht don Óstach Airbnb cosaint dar luach suas le $1,000,000 d’óstach le haghaidh damáistí do réadmhaoin faoi chumhdach i gcás damáistí aoi os cionn shuim na héarlaise slándála, rud nach dtarlaíonn rómhinic, nó mura bhfuil éarlais slándála ar bith ann.
Ní chlúdaíonn an clár 'Ráthaíocht don Óstach' airgead tirim nó urrúis, áirnéisí bailitheora, saothair ealaíne neamhchoitianta, seodra, peataí nó dliteanas pearsanta. Molaimid d'óstaigh earraí luachmhara a choinneáil in áit shábháilte nó iad a chur ar leataobh agus a n-áit á ligean ar cíos acu. Ní chlúdaíonn an clár caillteanas réadmhaoine nó damáiste do réadmhaoin mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt.
Faigh tuilleadh eolais faoin Ráthaíocht don Óstach ag http://airbnb.com/guarantee
Is fút féin atá an praghas a ghearrfaidh tú ar do liostú. Chun cabhrú leat cinneadh a dhéanamh, is féidir leat liostuithe inchomparáide i do chathair nó do chomharsanacht a chuardach chun barúil a fháil faoi phraghsanna an mhargaidh.
Táillí Breise • Táille ghlantacháin: Is féidir leat táille ghlantacháin a chuimsiú i do phraghas in aghaidh na hoíche nó is féidir leat táille ghlantacháin a chur le do shocruithe praghsála. • Táillí eile: Chun táillí breise a ghearradh taobh amuigh de do rátaí (amhail seiceáil isteach go déanach nó táille do pheataí), ní mór duit na táillí féideartha seo a chur in iúl do na haíonna sula ndéanfaidh siad áirithint agus ansin úsáid a bhaint as ár nIonad Réitigh chun íocaíocht as táillí breise a iarraidh go slán.
Le huirlis Phraghsáil Cliste Airbnb is féidir leat do phraghsanna a shocrú chun dul suas nó síos go huathoibríoch ar bhonn athruithe ar an éileamh ar liostuithe cosúil le do cheannsa.
Beidh tú freagrach i gcónaí as do phraghas, mar sin, tá Praghsáil Chliste á rialú le socruithe praghsála eile a roghnaíonn tú, agus is féidir leat praghsanna in aghaidh na hoíche a choigeartú ag am ar bith.
Tá Praghsáil Chliste bunaithe ar chineál agus ar shuíomh do liostaithe, ar an séasúr, ar an éileamh, agus ar thosca eile (amhail imeachtaí i do cheantar).
Tá níos mó eolais agatsa ar d'fheirm ná atá ag aon duine agus tá sé tábhachtach d’aíonna a chur ar an eolas faoi aon ghuaiseacha sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith ann. Ba chóir duit a mhíniú go soiléir cad iad na codanna den fheirm nach bhfuil oscailte d’aíonna agus réamhchúraimí ar bith eile a d’fhéadfadh a bheith orthu a ghlacadh ionas go mbeidh siad sábháilte agus go mbeidh meas acu ar d'fheirm le linn a bhfanachta. Tá rialacha ag Airbnb chomh maith maidir le hainmhithe a d’fhéadfadh a bheith contúirteach.
Tuilleadh eolais: https://www.airbnb.com.au/help/article/2135/what-are-airbnbs-rules-about-potentially-dangerous-animals
Tá leathanach um Óstáil Fhreagrach curtha le chéile againn chun cabhrú le hóstaigh ar Airbnb dul i dtaithí ar fhreagrachtaí óstála, agus chun forléargas ginearálta a chur ar fáil maidir le dlíthe, rialacháin agus dea-chleachtais éagsúla a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar óstaigh. Éilítear ort ár dtreoirlínte a leanúint, amhail ár gCaighdeáin Óstála, agus a chinntiú go leanfaidh tú na dlíthe agus na rialacha eile a bhaineann le d'imthosca sonracha agus le do cheantar áitiúil.
Tuilleadh eolais: https://www.airbnb.com.au/help/article/1377/responsible-hosting-in-australia
Soláthraíonn Ráthaíocht Airbnb don Óstach, Árachas Cosanta Airbnb d'Óstaigh, agus Árachas Cosanta Eispéiris Airbnb clúdach bunúsach duit maidir le damáistí agus dliteanais atá liostaithe. Mar sin féin, ní ghlacann siad seo áit árachas úinéirí tí, árachas cíosaithe nó clúdach dliteanais leordhóthanach. B’fhéidir go mbeidh ort riachtanais árachais eile a chomhlíonadh freisin. Ba cheart duit oibriú le do ghníomhaire nó d'iompróir árachais lena fháil amach cén cineál oibleagáidí, teorainneacha agus clúdaigh atá riachtanach do d'imthosca ar leith.
Is é Ionad Acmhainní Airbnb an mol le haghaidh nuashonruithe ó Airbnb, míreanna úsáideacha, agus treoracha óstála.
Tuilleadh eolais: https://www.airbnb.com.au/resources/hosting-homes
Is é Ionad Acmhainní Airbnb an mol le haghaidh uirlisí chun cabhrú leat d’Eispéireas a óstáil go rathúil.
Is é Ionad Cabhrach Airbnb an áit ar féidir leat cabhair agus eolas a fháil faoi d’áirithintí, cuntas, liostú, cumarsáid le haíonna agus go leor eile.
Tuilleadh eolais: https://www.airbnb.com.au/help/home
Ready to earn?
Ready to earn?