Airbnb 2021

Seo chugainn 100+ uasghrádú ar ár seirbhís iomlán

Airbnb 2021

Seo chugainn 100+ uasghrádú ar ár seirbhís iomlán

Deartha ar bhealach solúbhtha don saol nua taistil

1. Cinn scríbe sholúbtha

Slí nua d’aíonna le tréimhsí fanachta uathúla, a d'fhéadfaí a chailleadh, a aimsiú.

2. Meaitseáil sholúbtha

Liostuithe atá díreach lasmuigh de chuardach sonraithe san áireamh, le rogha bhreise a léiriú d’aíonna.

3. Dátaí solúbtha

Is féidir le haíonna roghanna nua a chuardach anois, idir shaoire ghearr ag an deireadh seachtaine agus tréimhsí fanachta ar feadh míosa nó níos faide.

Eispéireas aoi níos simplí agus níos spreagúla

4. Mianliostaí Coimeádta

Bailiúcháin d'áiteanna agus d'Eispéiris spreagúla—ag tosú le An-Saol Amuigh Faoin Aer.

5. Treoir theachta

Tá t-eolas faoi theacht a theastaíonn ó aíonna, idir threoracha agus Wi-Fi, in aon áit amháin anois.

6. Próiseas níos gasta don tseiceáil amach

Rinneamar na céimeanna is gá d’aíonna nua a dhéanamh chun a gcéad áirithint a dheimhniú a laghdú.

7. Clárú inlíne

Is féidir le haíonna céaduaire cuntas Airbnb a chruthú anois le linn phróiseas na háirithinte tosaigh.

8. Barra scagairí

Tá na scagairí is mó tóir níos infheicthe anois agus do liostú foirfe á chuardach agat.

9. Roghchlár scagairí nuashonraithe

Paraiméadair chuardaigh nua níos fearr do chuardach níos soiléire agus níos simplí.

10. Scagairí atá feasach ó thaobh an tséasúir de

Bíonn scagairí cuí ó thaobh comhthéacs ann go séasúrach—mar shampla, sciáil isteach/amach.

11. Scagairí geo-shonracha

Níl roghanna scagtha ann anois ach nuair atá siad cuí don cheann scríbe is fearr le haoi.

12. Saoráidí mionsonraithe

Sonraí níos sainiúla maidir le saoráidí, ar nós an bhfuil teallach gáis nó dóite adhmaid agat.

13. Tréithe nua

Radharc ar an aigéan? Rothar aclaíochta? Léirítear na sonraí úsáideacha seo anois ar na liostuithe.

14. Athnuachan uathoibríoch léarscáile

Coinníonn sé torthaí cuardaigh lárnach ar an léarscáil agus tú ag brabhsáil.

15. Bioráin ghreamaitheacha

Ní imíonn bioráin léarscáile go randamach anois agus tú ag zúmáil isteach agus ag peanáil. Go hiontach!

16. Deilbhíní léarscáile feabhsaithe

Léiríonn íocónagrafaíocht léarscáile athdheartha nithe is díol spéise is eile agus tú ag cuardach.

17. Eispéiris in Aice Láimhe

Taispeántear i Léarscáil anois cá bhfuil Eispéiris Airbnb lonnaithe i gcomparáid le fanacht aoi.

18. Léarscáileanna lánscáileáin ar ríomhaire deisce

Cumasaíonn mapaí lánscáileáin , cuardach níos leithne ar ríomhairí deisce.

19. Nascleanúint aíonna

Le roghchlár nua d'aíonna tugtar rochtain dhíreach ar thréimhsí fanachta, Eispéiris, conas bheith i d’óstach, agus go leor eile.

20. Scagairí inrochtaineachta

Le scagairí cuardaigh atheagraithe tá sé níos éasca tréimhsí fanachta lena bhfuil gnéithe a bhaineann le hinrochtaineacht a aimsiú.

21. Dírigh ar inrochtaineacht

Líon na dtréimhsí fanachta agus eispéireas le gnéithe inrochtaineachta ar Airbnb a mhéadú.

22. Tithe uathúla inrochtana

Breis tithe uathúla atá inrochtaine chun freastal níos fearr ar riachtanais ár bpobail.

23. Scagaire eispéireas

Le scagaire nua is féidir le haíonna gníomhaíochtaí pearsanta lena bhfuil gnéithe inrochtaineachta a chuardach.

24. Eispéiris nua uilechuimsitheacha

Gníomhaíochtaí ar líne agus pearsanta a dearadh chun an pobal faoi mhíchumas a chuimsiú.

25. Praghsáil do churamóirí

Féadann Óstaigh Eispéireas praghsáil in aisce a thabhairt do chúramóirí aíonna faoi mhíchumas.

26. An-Saol Amuigh Faoin Aer

Tréimhsí fanachta agus Eispéiris a threoraíonn do shaoire i dtimpeallacht nádúrtha.

27. Comhroinnt Mianliostaí Coimeádaithe

Roinn do Mhianliostaí Airbnb le cairde, do theaglach agus leantóirí sna meáin shóisialta.

28. Cealuithe níos soiléire

Nuashonraíodh polasaithe cealaithe chun soiléireacht a mhéadú d’aíonna agus d’óstaigh.

29. Smaointe maidir le turas a phleanáil

Agus fanacht á phleanáil, moltar Eispéiris ábhartha d’aíonna.

30. Rudaí le déanamh

Molann an cluaisín 'Turais' anois gníomhaíochtaí iontacha in aice láimhe agus tú ar thuras.

31. Moltaí an óstaigh

Is féidir le hóstaigh teachtaireachtaí a chur chuig aíonna reatha maidir le hEispéiris mholta in aice láimhe le linn a bhfanachta.

32. Eispéiris a cheadúnú

Cinntítear go bhfuil eolas ceadúnais agus árachais óstach d'Eispéireas mar bhádóireacht nua.

33. Cur síos ar eispéiris

Is féidir le hÓstaigh Eispéireas cur síos a athbhreithniú agus a athrú don chruinneas.

34. Rochtain foirne níos éasca

Tá sé níos simplí ná riamh do do chomhghleacaithe suíochán grúpa a fháil d'Eispéiris ar Líne.

35. Óstaigh ar Eispéiris ar Líne

Pobal óstach atá tiomnaithe go heisiach dár dteaghlach Óstach Eispéireas ar Líne atá ag fás.

36. Praghsáil a oireann do theaghlaigh

Féadann Óstaigh eispéireas lascainí a thabhairt le go mbeidh breis teaglach páirteach iontu.

37. Catagóirí tithe uathúla

Cuireadh 9 gcatagóir nua de thithe uathúla leis—idir thithe adóibe agus vaigíní.

38. Tithe uathúla sa dúlra

Catagóir nua d'áiteanna fanachta uathúla a fhaightear sa dúlra—idir phubaill bholgánacha agus rainsí oibre.

39. Tréimhsí fanachta atá gar do láithreacha spéise

Is féidir le haíonna tréimhsí fanachta a fháil gar do rudaí amhail eas nó fíonlann.

Bealaí níos éasca le hóstáil—ó chlárú go Sáróstach

40. Fáilte chuig an leathanach óstála

Athdheartha le freastal ar bhealach níos fearr ar riachtanais Óstach nua agus iad ag tosú ar a dturas.

41. Bí i d'Óstach in 10 gcéim

Ní raibh sé riamh chomh héasca seo do spás a liostú ar Airbnb, agus cabhair a fháil.

42. An cluaisín Inniu

Slí nua d’Óstaigh le háirithintí, tascanna agus go leor eile a bhainistiú go héasca in áit amháin.

43. Acmhainní d'Óstaigh Eispéireas

Tá réimsí agus acmhainní nua d'Óstaigh Eispéireas ar an leathanach nua “Bheith i d’Óstach”.

44. Teistiméireachtaí óstach

Carn míreanna agus físeán luachmhar chun Óstaigh nua agus reatha a spreagadh.

45. Cén luach atá ar m'áitse?

Cuidíonn áireamhán nuashonraithe leat acmhainn tuillimh do spáis a mheas go tapa.

46. Óstáil Eispéiris go héasca

Soláthraíonn próiseas cuíchóirithe ionduchtaithe modh éasca chun bheith i d'Óstach Eispéiris.

47. Físeáin d'Eispéiris

Féadann formhór na nÓstach Eispéireas físeáin a uaslódáil chun a bpaisean roinnte a léiriú.

48. Sonraí uathlíonta

Cuidíonn sonraí réadmhaoine ó shonraí poiblí le hÓstaigh spás a liostú go tapa.

49. Cuir saoráidí leis go héasca

Toisc deilbhíní beoite tá sé éasca gnéithe liostaithe tábhachtacha a roghnú agus a léiriú.

50. Grianghraif a uath-eagrú

Déanann ríomhairí anailís ar ghrianghraif, á n-atheagrú ar an mbealach is fearr is féidir.

51. Teideal molta

Téacs uathoibríoch chun teideal maith a chruthú do liostú bunaithe ar an eolas a thugtar.

52. Tosaitheoir don chur síos

Cabhraíonn sé le hÓstaigh nua cur síos tapa a dhéanamh ar thréithe inmhianaithe a liostaithe.

53. Praghsáil níos simplí

Tá sé sách simplí anois praghas oiriúnach a shocrú do do liostú.

54. Raon praghsanna molta

Soláthraímid raon praghsanna measta anois do do spás bunaithe ar liostuithe inchomparáide.

55. Buíochas

Rinneamar simpliú ar cheann de na céimeanna deiridh ag deireadh an phróisis liostaithe.

56. Tabhair réamhamharc air sula liostóidh tú é

Faigh réamhamharc iomlán ar an gcaoi a bhfeicfidh aíonna liostú nua sula rachaidh sé beo. Faoi dheireadh!

57. Fáilte liostaithe nua

Nuair a chríochnóidh tú do liostú nua, beidh Sandy agus Brian ann chun é a cheiliúradh.

58. Treoir d'Óstaigh nua

Tacaíonn míreanna ábhartha le hÓstaigh nua le linn an phróisis ionduchtaithe ar fad.

59. Réamhra ar ranganna a óstáil

Cuidíonn ranganna ar líne faoi stiúir Sáróstach le hÓstaigh nua iad féin a chur ar a mboinn.

60. Meantóireacht 1: 1

Is féidir le hÓstaigh nua i rang ar líne r-phost a chur chuig Sáróstaigh le cúnamh a fháil.

61. Cuir ceist ar Sháróstach

Sa phróiseas liostaithe, is féidir le hÓstaigh nua comhairle a fháil ó Sháróstach.

62. Leideanna um óstáil rathúil

Is féidir le hÓstaigh clárú d’Eispéiris ar Líne chun rúin a fhoghlaim ó Óstaigh eile.

63. Ullmhaigh do do chéad aoi

Tar éis spás nua a liostú, tugtar treoir don chéad chéim eile—amhail rialacha tí a shocrú.

64. Féilirí agus praghsáil shaincheaptha

Tugtar leideanna d’Óstaigh nua faoin mbealach leis na háirithintí a theastaíonn uathu a fháil ar na praghsanna a bhfuil súil acu leo.

65. Deimhnigh conas a dhéanann aíonna áirithintí

Is féidir le hÓstaigh riachtanais a chur leis d'aíonna a dhéanann áirithintí, amhail moltaí ó Óstaigh eile.

66. Roghnaigh conas íocaíocht a fháil

Meabhraíonn foláireamh uathoibríoch d'Óstaigh nua modh eisíocaíochta a chur leis, ionas go n-íocfar go pras iad.

67. Iarratais ar áirithint

Leis an gcluaisín nua 'Inniu' is féidir le hÓstaigh féachaint go héasca ar aon iarratais agus agus ar aon fhiosrúcháin áirithinte atá ar feitheamh.

68. Do chuid áirithintí

Leis an an gcluaisín 'Inniu' is féidir le hÓstaigh sracfhéachaint a thabhairt ar áirithintí aoi atá ann agus atá ar feitheamh.

69. Naisc thapa

Soláthraíonn an cluaisín 'Inniu' bealach éasca d’Óstaigh uirlisí praghsála agus infhaighteachta a rochtain.

70. Nuacht agus nuashonruithe d'óstaigh

Tugann míreanna ábhartha sa chluaisín 'Inniu' comhairle ar straitéisí don óstáil rathúil.

71. Foláirimh d'óstaigh

Cuidíonn fógraí lena chinntiú go gcuirtear aon rud nach mór dóibh díriú air ar a súile d'Óstaigh.

72. Teachtaireachtaí níos gasta

Lódálann teachtaireachtaí idir aíonna agus Óstaigh suas le 10 n-uaire níos tapa anois.

73. Cuardach an bhosca isteach

Ligeann sé d'Óstaigh teachtaireachtaí a aimsiú go héasca ina mbosca isteach de réir critéir chuardaigh éagsúla.

74. Scagairí nua an bhosca isteach

Cuireann nuashonruithe ar an mbosca isteach ar chumas Óstach teachtaireachtaí a scagadh go tapa—lena n-áirítear iad siúd gan léamh.

75. Freagraí Gasta Pearsantaithe

Anois is féidir le hóstaigh Freagraí Gasta ar cheisteanna coitianta a phearsanú go héasca.

76. Teachtaireachtaí sceidealaithe

Cruthaigh teachtaireachtaí a sheolann meabhrúcháin chairdiúla go huathoibríoch, amhail treoracha don tseiceáil amach.

77. Léargais óstála

Tugann an cluaisín 'Léargas' eolas faoi threochtaí áitiúla le cabhrú le hÓstaigh níos mó deiseanna a fháil.

78. Léargais d'Eispéiris

Uirlis nuashonraithe d’Óstaigh Eispéireas le sonraí faoi thuilleamh, rátálacha agus eile.

79. Sreabhadh léirmheasanna cuíchóirithe

Bealach níos éasca d’aíonna le léirmheasanna a chur isteach a thugann aiseolas úsáideach d’Óstaigh.

80. Aiseolas mionsonraithe

Spreagann leideanna aiseolais aíonna chun léirmheasanna mionsonraithe a fhágáil d’Óstaigh.

81. Tuilleadh catagóirí aiseolais

Cuidíonn catagóirí nua don léirmheas le hachoimre chuimsitheach a thabhairt ar fhanacht.

82. Léirmheasanna nuashonraithe

Deiseanna níos mó d’aíonna, ó chritíc go moltaí, chun a bhfanacht a rátáil...ar deireadh!

83. Éachtaí saoil na nÓstach

Déanann méadrachtaí nua ceiliúradh ar gach rud ó líon iomlán n-aíonna arna n-óstáil go dtí na rudaí is mó a thaitin leo.

84. Buaicphointí óstála inroinnte

Bealach nua d'Óstaigh le méadrachtaí feidhmíochta ar feadh an tsaoil a roinnt agus a cheiliúradh trí na meáin shóisialta.

85. Sonraí an óstaigh

Tugann sonraí an liostaithe beagán níos mó eolais faoi uathúlacht gach Óstaigh agus tí.

Tacaíocht den scoth dár bpobal domhanda

86. Ionad Cabhrach Athdheartha

Bealach níos éasca le do bhealacha a dhéanamh tríd an Ionad Cabhrach le tacaíocht chuimsitheach d’aíonna agus d’Óstaigh.

87. Réitigh chliste

Cuidíonn treoir phearsantaithe le haíonna agus le hóstaigh fadhbanna coitianta a réiteach go héasca i gcúpla céim.

88. Fógraí íocaíochta

Tá gach fógra íocaíochta aoi lonnaithe go lárnach anois in aon áit amháin atá furasta a fháil.

89. Acmhainní sábháilteachta nuashonraithe

Líne thacaíochta 30 soicind do chúnamh ar thuras, aistriúchán leabaithe i neart teangacha.

90. Eolas éigeandála áitiúil

Eolas áitiúil don tseirbhís éigeandála le haghaidh dóiteáin, póilíní agus paraimhíochaineoirí i bhformhór na réigiún.

91. Leathnú tacaíochta práinní

Cuirtear tacaíocht phráinneach ar an turas ar fáil anois sna céadta teanga.

92. Líne thiomnaithe na Sáróstach

Cúnamh tiomnaithe do Sháróstaigh—Meiriceá Thuaidh ar dtús, an domhan mór ina dhiaidh sin.

93. Tacaíocht Ceannairí Pobail

Tacaíocht tosaíochta úr nua dár gCeannairí Pobail Óstach.

94. Cabhair ar an turas

Bealach níos fearr chun tacú le haíonna agus le hÓstaigh le linn a dturais le heolas níos ábhartha.

95. Cuardach uilíoch

Cuardaigh táirgí tacaíochta Airbnb go léir ag an am céanna chun freagraí gasta a fháil.

96. Tuilleadh tacaíocht iomasach

Soláthraíonn míreanna cabhracha simplithe an t-eolas ceart—nuair a bhíonn sé ag teastáil.

97. Treoir maidir le réiteach

Cúnamh céim ar chéim chun fadhbanna coitianta ar thuras a réiteach amhail saoráidí briste nó saoráidí atá in easnamh.

98. Mol na bpolasaithe pobail

Tá polasaithe níos soiléire agus níos simplí in aon áit lárnach amháin san Ionad Cabhrach.

99. Uirlisí Thairseach na Cathrach

Uirlisí d’oifigigh chun polasaithe do lóistín ar chíos gearrthéarmach a bhainistiú.

100. Nuashonruithe ar léirmheasanna

Polasaí nua chun cur i gcoinne léirmheasanna ó aíonna a sháraíonn ár gcosc ar chóisirí.

101. Níos mó gníomhairí tacaíochta

Tá an fhoireann tacaíochta domhanda méadaithe faoi 2 chun freastal ar ár bpobal.

102. Tacaíocht i níos mó teangacha

Tá ár gclúdach tacaíochta leathnaithe againn ó 11 go 42 teanga.

103. Acmhainní d'óstaigh

Tugann roghchlár nua Óstach rochtain ar thacaíocht, liostuithe, stádas Sáróstaigh, srl.

D'fhéadfadh am scaoilte gné nó infhaighteacht ghné a bheith éagsúil bunaithe ar an suíomh.